lár an lae 'ghil' |
Ní do Robbie Burns amháin a thaisteal mé anonn go hAlban ag an deireadh seachtaine. Déanta na fírinne, ní raibh ann ach sos le cara. Sos na mban.Cúpla gloine fíona, roinnt turas oideachasúil, só.
Téim anonn ó am go ham mar go bhfuil deirfiúr liom ina cónaí sna 'Borders' - an ceantar sin soir ó dheas ón phríomhchathair. Nuair a bhog sí ansin ar dtús fuair sí amach go raibh drochmheas uirthi féin agus ar a clann mar go raibh blas Shasana ar a gcuid cainte, i ndiaidh blianta fada a chaitheamh ag obair ann, agus ba shean-namhad é Sasain agus gach a bhain leis. De réir mar a fuair daoine amach gur Éireannaigh iad, áfach, d'athraigh cúrsaí. D'éirigh sí cairdiúil le go leor daoine sa cheantar. Ach fuair sí amach go raibh baicle eile ar fad ann a raibh drochmheas acu uirthi mar gheall ar gur Éireannach a bhí inti...
Cibé ar bith, is iomaí uair a chaith mé oíche sa chathair. Dosaen de bhlianta ó shin, chaith mé féin agus na páistí (deich agus dhá bhliain déag ag an am sin) oíche ann ar ár mbealach abhaile go hÉirinn. Bheartaigh mé iad a thabhairt ar thuras sa tóir ar tháibhsí. Thugamar aghaidh ar thuras thart fá reilig, agus an rud a chuir iontas orainn - bhí na páistí óg, ach má bhí, bhí siad ciniciúil go maith - ná gur tháinig eagla ar an treoraí ag pointe amháin sa reilig, fíoreagla, roimh scáilí in áit nár cheart do scáth bheith ann. Mar bhuaicphointe, thug sí isteach in uaimh dhúdhorcha muid, uaimh Mackenzie. D'inis sí an scéal dúinn faoi pholtergeist a mhair in uaimh Mackenzie agus thug sí gach rabhadh dúinn bheith cúramach ar an bhealach abhaile. Bhí an-chraic againn go deo, ach ag filleadh abhaile chuig an teach lóistín dom fuair mé amach go raibh scríobanna dearga ar mo chraiceann, áit nach raibh an mhaidin sin. Faoi na thermals, an t-léine, an geansaí agus an cóta. Cuir an locht ar an táibhse i Reilig na mBráithre Liatha. Scanrúil.
I mbliana, bhí Dún Éadainn chomh fuar agus chomh fliuch sin nach raibh fonn orm féin ná ar mo chara an oíche a chaitheamh ag siúl faoin aer. Ach mar go raibh muid gar don reilig ag ceannach ticéidí don chéilí don oíche sin, bhuail muid isteach chuig an reilig féin agus thug muid spaisteoireacht ghasta thart ar an áit idir na ceathanna.
Agus sa teach ósta an tráthnóna sin? Ghlac mé cith álainn te...agus tháinig mé ar scríob domhain dearg ar mo cholainn. Níl mé chun pictiúr de a chur in airde mar tá sé ar mo bhundún. Agus chuirfeadh pictiúr de mo gheadán náire ar go leor agaibh idir óg agus aosta. Ach tá a fhios agam anois nach gá gabháil chomh fada le huaimh Mackenzie chun aithne a chur ar an pholtergeist - tiocfaidh an táibhse sa tóir agus sa tóin ort i lár an lae ghil!
Taibhse na Tóna, is dócha, a Réaltán..:-)
ReplyDeleteBean chróga...ní dóigh liom go mbacfainn leis an áit sin ina bhfuil Mackenzie curtha - is leor do thuairisc, a chara!
An-aisteach. Is breá liom reiligí go hiondúil--ciúnas, suaimhneas, nadúr--ach b'fhéidir go mbeinn cúramach faoi dhul isteach sa gceann sin!
ReplyDelete