Monday 27 January 2014

Oíche Rabbie

Janet De Vigne

Ní raibh móran eolais agam fá Rabbie Burns agam roimhe seo lasmuigh de roinnt dé chuid dánta a chuala mé agus a léigh me.Ach a bhuíochas le Janet De Vigne, ceoltóir opera agus aisteoir, fuair mé amach gur fear mór ban a bhí ann chomh maith.

 Bhí mé i nDún Eadainn Dé Sathairn seo caite, chun deireadh seachtaine a chaitheamh i mo thurasóir ann le cara, agus thuigeamar de phreab gur Oíche Rabbie a bhí ann. Neart sciorta filleadh beag le feiceáil. Chuardaíomar áit le gabháil chun blaiseadh den oíche a fháil, agus bhí muid an-sásta go deo leis an mhéid a chuala muid faoin oíche a bhí le bheith ar siúl ag  Tógra Pobail Mhargadh an Fhéir. Tógra atá anseo a thugann tacaíocht agus traenáil do dhaoine le fadhbanna foghlama agus fadhbanna eile. Tá an caife oscailte i rith an lae i Rae na gCoinnleoirí, síos píosa ó  Reilig na mBráithre Liatha.

Reilig na mBráithre Liatha

Bhí an oíche chomh hAlbanach ó thús deireadh. Fuair muid 'dram' - braon (measartha mór) uisce beatha aon bhraiche 12 bhliain d'aois - Jura, i mo chás sa, ach bhí rogha ar fáil. Níl mé tugtha don uisce beatha, ach caithfidh mé a rá gur fearr liom uisce beatha na hAlban ná an stuif Éireannach!

Nuair a bhí an scaifte cruinnithe isteach, shuíomar síos chuig dinnéar. Dúradh an 'altú' roimh bhia


Some hae meat and canna eat,
And some wad eat that want it;
But we hae meat, and we can eat,
And sae let the Lord be thankit.

agus tosaíodh ar an suipéar. Sú breá trom de ghlasraí agus sicín, agus ina dhiaidh sin tháinig an hagaois isteach. Sheasamar agus aithrisíodh Beannú na Hagaoise le linn don lucht freastail turas a thabhairt thart ar an seomra agus an hagaois ar thrádaire, ar taispeáint don lucht ite.
Ach ansin fuaireamar an hagaois agus tuilleadh ar an phláta. Blasta!

hagaois, neeps agus tatties


Níl ceadúnas biotáilte ag an Tógra ach moladh dúinn buidéal a bheith linn. Rud a rinneadh. Rud a rinne go leor daoine le go leor buidéal...

ceol le Sporrandipity...


Bhí óráidí ann faoi Rabbie agus ba í Janet de Vigne an bhean (bean/duine/pearsa) ab fhearr ag an scéalaíocht, i ndáiríre. Ansin thosaigh an damhsa.







An-oíche go deo, caithfidh mé a rá. An-chraic, an-traidisiúnta, agus lonnaithe sa phobal bheo. Mholfainn é má bhíonn sibh ag cuartú oíche Burns i nDún Éadainn - ach ceannaigh na ticéidí go luath. Beidh rachairt air mar chéilí sna blianta amach anseo.

1 comment:

  1. Maith mar a thaithnigh an oíche leat.

    Dar ndóigh, bíonn a leithéid faoin chruth chéanna, ar siúl ar fud na hAlban, agus ar fud an domhain má tá Albanaigh ann.

    Ach, amháin, b'fhéidir, i measc Gael na hAlban. Gall a bhí i Rabaí na mban, cé go bhfuil meascán "traidisiún" sna searmanais, in Albanais atá an fhilíocht, ní bia Gaelach an "taigeis" ach Gallda, agus is éadach Gaelach an filleadh beag.
    Má tá bia Gaelach uait, féach le "ceann cropaig" an chéad turas eile ( Cinn scadán le min coirce).

    Tagaim leat ó thaobh an uisce bheatha de. Ar feadh m'eolais, ní théann ach dhá théamh ar uisce beatha na hAlban, "Whisky", cé go dtéann trí théamh ar uisce beatha na hÉireann, "Whiskey", a fhágann níos treise é. Baintear úsáid le baraillí áirid le stóráil an uisce bheatha Albanaigh, a fhágann an sainbhlas aige, m.sh. baraillí darach, baraillí stálaithe ag deach eile, 7rl.

    Faoi thuairim do shláinte!

    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.