Thursday 6 February 2014

Lá Mór na Gaeilge




https://www.youtube.com/watch?v=ZyxMZ9bcfrA


Beidh na gramadrámadóirí ag gearáin go bhfuil meancóga sna fotheidil. Beidh na fíorghaeil ag pacáil a gcuid málaí agus ag cleachtadh don lá mór. Agus beidh cuid againn ag súil le craic agus ceol ar 15ú Feabhra 2014. Agus slua mór.

Mo bhuíochas le Natália Danzmann ar Facebook a chuir an nasc seo romhainn. Níl a fhios agam cé hé/hí/hiad 'radai ghníomhaíocht' ach an-jab déanta acu.


5 comments:

  1. Dea-fhíseán, tráthúil, greannmhar, ach monuar, fíor agus truamhéileach.

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Feicfidh mé ann thú, a Réaltán! Cén amhrán a chasfaidh muid?

    'Cruachás' ?

    ♫♪♪♫ Céard a dhéanfaimid feasta gan teanga,
    tá deireadh na Gaeilge ar lár,
    níl trácht ar Acht Teanga ná cearta,
    is tá'n Comisinéir imithe go brách.♫♫♪♪♪

    ReplyDelete
  3. Ar ndóigh, 'cén t-amhrán' a bhí i gceist agam, a Réaltán!

    ReplyDelete
  4. cuir Gaeilge ar 'we shall overcome' don lá, a Áine!

    ReplyDelete
  5. Béarfaidh muid bua!

    http://breis.focloir.ie/ga/eid/overcome

    Linne an bua

    Sáróidh muid

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.