Céim eile i ndiaidh dúinn bheith ag siúl ar an Lá Mór, tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh cnuasach scéalta a chur le chéile a thabharfas pictiúr den dóigh a ndéanann an 'córas' idirbheartaíocht le pobal na Gaeilge.
Ar tharla aon rud diúltach duit mar gheall ar an Ghaeilge bheith in úsáid agat i do shaol laethúil? Ar cuireadh bac leat nó le gné éigin de do shaol?
Nó ar tharla aon rud dearfach duit ag éirí as do rogha teangan i do shaol laethúil?
Anseo i nÉirinn nó thar lear. Fáilte roimh scéalta i nÉirinn agus ó chríocha ar fud an domhain. Cuirtear scéalta chuig scéal@cnag.ie
Agus muna bhfuil tú ag iarraidh an scéal a chur ar phár ar cibé cúis? Seans nach bhfuil tú ró-mhaith leis an scríobh, b'fhéidir nár mhaith leat d'ainm bheith luaite ar chúis amháin nó ar chúis eile. Cuir nóta chucu le d'ainm agus uimhir gutháin agus am oiriúnach le glaoch ort agus déanfaidh siad amhlaidh.
sceal@cnag.ie
Mar shampla, is cuimhin liom ariamh an bhanaltra pobail a thugadh cuairt orm i mo theach nuair a bhí mo chuid páistí óg. Bhí sí buartha nach raibh m'iníon ag caint mar a measadh gur cheart don aois ag a raibh sí (dhá bhliain d'aois). Mhínigh mé go mbíonn forbairt teanga sé mhí ar gcúl le páistí dátheangacha. Sin, agus bhí sí ar nós Einstein - nuair a bheadh an t-anraith fuar, déarfadh sí liom é, ach go dtí seo ní raibh an t-anraith fuar - nuair a bheadh gá leis, labhródh sí.
Ghlac í leis seo chuig pointe, ach dar léi nárbh fhearr domh gan aon Ghaeilge a labhairt leis an chréatúr bocht agus caithfidh go raibh sí trína chéile ag an dá theanga seo agus cén dóigh a mbeadh a fhios aici cén teanga le húsáid agus cén mhaith an Ghaeilge ar scor ar bith agus nach raibh an Ghaeilge marbh agus cén fáth an raibh mé ag caint Gaeilge cibé ar bith nárbh as an Tuaisceart mé...
I mo theach féin.
Ar an taobh eile den scéal, nuair a tháinig mé go Baile Átha Cliath sna hochtóidí, chuir sé iontas orm go raibh mé in ann mo chuid gnó cánach a phlé trí Ghaeilge in Aonad speisialta, do dhaoine a bhí ag iarraidh an teanga sin a roghnú thar an Bhéarla.
Rinneadh plé liom go héifeachtach agus go múinte ariamh.
Faraor géar, tá an tAonad sin imithe (agus an bhean a mbínn ag plé léi imithe go hoifig an Choimisinéara Teanga!) agus níl go leor daoine le Gaeilge thart leis an ghuthán a fhreagairt ar na laethe seo.
Más féidir teacht ar neach bheo in aon chor...mmm, thosaigh an scéal seo go dearfach (ach b'shin fadó, fadó nuair a shiúil dineasáir ar an phlainéad)
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.