Saturday 8 March 2014

Lá Gach Ban

http://www.loc.gov/pictures/resource/fsac.1a35371/


Inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan!


Inniu Lá Idirnáisúnta na mBan. Chan Lá do Mháithreacha, lá a cheilúrann torthúlacht (sa chianaimsir), agus sna céadta níos gaire dúinn, lá saor do sclábhaithe ban sna tithe móra, seans acu cuairt a thabhairt abhaile, císte faoina n-ascaill acu mar mhacalla ar an lá sin.

Chan Lá do Naomh Amháin, athcheilúradh arís ar an torthúlacht bhanúil, ar an chumas ginte.

Chan Lá Scíste i ndiaidh na Nollag, i ndiaidh bia a réiteach is a chóiriú is a chur ar an tábla do scaiftí na féile a mhaireann i bhfad rófhada na laethe seo!

Ní hea. Seo Lá na  mBan. Mná de gach aois agus gach saghas. Mná óga, mná meánaosta, seanmhná. Agus níos tábhachtaí ná sin arís, seo féile do mhná a cheiliúrann a gcumas oibre chomh maith, seachas a gcumas ginte. Ní hé go bhfuil mná ag séanadh a nádúir, ach tá siad ag cur leis an sainmhíniú cúng atá ag roinnt daoine ar cad is bean ann.

Is máthair í bean, cinnte, in amanna. Ach is iomaí bean ar chas mé uirthi thar na blianta nach raibh clann uirthi. Ach ba bhean í. Má chuirimid síos orainn féin, mar mhná, i dtéarmaí teoranta na fola amháin (máthair, iníon, deirfiúr, páirtí), beidh muid teoranta faoi na coinníollacha sin. Ní bhíodh an dara suí ag go leor ban roimhe seo, ach sa lá atá inniu ann tá roghanna ag mná i nÉirinn saol a chruthú nach bhfuil teoranta don teallach, más e sin an rud is mian leo.

Níl mé ag séanadh na dtéarmaí tagartha sin thuas, téarmaí na fola. Is mór liom gur máthair mé, is mór liom gur páirtí mé, is mór liom gur iníon mé. Ach nuair atá sé féin imithe amach an doras ag fútaráil leis an pholaitíocht, nuair atá an chlann imithe amach an doras i bun a ngnoithe féin, nuair nach seanphéire an seanlanúin níos mó... beidh féidireachtaí agus fís agam fós.

Throid mná go crua thar na blianta leis na féidireachtaí sin a thabhairt dúinn. Tá a fhios ag cách gur throid siad ar son an vóta, ar son áiseanna frithghiniúna, ar son an ceart leanstan leis an obair tar eis pósadh.  Agus eile. Is cuimhin liom féin siúl isteach i Sweney's, siopa poitigéara ag cúlgheata Choláiste na Trionóide, le hoideas don phiolla frithghiniúna. Níor choinnigh siad a leithéid -  'that kind of thing', a dúradh liom go grod. Bhí mé tríocha a trí bliana d'aois. Bhí mo bheirt pháiste óga agam. Bhí mé ag iarraidh cáilíocht ghairmiúl a bhaint amach an bhliain sin chun airgead a shaothrú chun jab a fháil a ligfeadh dom mo chlann a thógáil faoi shó. Bhí mé ag iarraidh smacht thar mo chorp féin chomh maith le mo shaol féin. Mhothaigh mé an breithiúnas sna súile, sa ghlór, sa chumarsáid choirp. Má luaíodh an siopa céanna in Ulysses, is amhlaidh gur shíl siad go raibh siad ag cur leithéidí Molly Bloom faoi chois go fóill. Buíochas mór le Mor bhí níos mó ná an siopa sin amháin sa chomharsanacht. I gcroílár na cathrach. 1994.

Bainigí sult as an la inniu, a shiúracha!


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.