Chomh maith le Lá Idirnáisiúnta na mBan againn inné, bhí oíche chuimhneacháin ann i gClub Chonradh na Gaeilge do bheirt atá imithe ar shlí na fírinne, Seán Ó Dálaigh agus Pádraig Ó Riain. Fuair mé an cuireadh chun na hócáide cúpla seachtain ó shin, lá feannaideach i Mí na bhFaoilleach, Mí na Mac Tíre. Bhí mé ag siúl trí Choláiste na Trionóide agus ag léamh plaiceanna cuimhneacháin ar bhinsí ar mo bhealach ó chúlgheata go geata tosaigh na háite. Is bealach níos pléisiúrtha é tríd an chuid sin den chathair ná treabhadh trost na mbróg is na n-uilinnn ag na scaiftí a bhíonn ag siúl na gcosán cúng ar Shráid Thobar Phádraig. Bhí na plaiceanna ag fógairt cuimhne ar an ollamh seo agus ar an dochtúir siúd. Rith sé liom gur iomaí duine gan an urraim oifigiúil ná an tuarastal oifigiúil ar cheart a leithéid bheith acu. Tháinig Seán Ó Dálaigh isteach i mo cheann an mhaidin gheal sheaca sin, agus na smaointe seo ag rásaíocht trí m'intinn. Agus nuair a landail me sa bhaile agus d'oscail mé mo ríomhphost, b'shin ansin an cuireadh. In am tráth!
Bhí an Club dubh le daoine aréir, mar is léir thuas, gach diúlach is deoraí brúite ar a chéile. Daoine nach bhfaca mé ó bhí mé féin ag obair taobh thiar den bheár ann sna hochtóidí. Agus cúis leis. Bhí Seán agus Pádraig - nó seanPhádraig, mar a thugadh daoine air le linn m'óige sa chlub sna hochtóidí - bhí siad beirt lárnach don áit agus i saol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i rith a saoil, iad beirt araon. Mo chuimhní fein orthu ná Seán ina chathaoirleach ar an choiste sa Chlub (mar chlub príobháideach le baill, bíonn coiste i bhfeighil cinnidh reatha) agus seanPhádraig ina bhainisteoir ar an bheár. Beirt a mhair ar son na teanga, ar son físe.
Labhair Micheál Mac Aonghusa ag tús na hoíche. Tá bean den bheirt a d'eagraigh an oíche le feiceáil ar an taobh dheas de sa choirnéal - Máiréad Uí Dhomhnaill. Luaigh sé focal amháin le cur síos ar an bheirt a dtugainn féin orthu le fada an lá - tírghráthóirí. Bhí siad fial don tír, don phobal a raibh siad beo ann agus don chultúr ar feadh a saoil.
Agus bhí Nóirín Ní Chonghaile ar chúl an stáitse, ag eagrú is ag reáchtáil is ag riaradh.
Ruairí agus Niall agus Christina |
Agus bhí mo mhuintir cleamhnais ann chomh maith, muintir Mhic Fhionnlaoich, agus cuimhní acu níb fhaide siar ná mo chinnse.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.