Monday 26 May 2014

Gach cúigiú bliain: san RDS, Lá 1




Tús an lae, Dé Sathairn. Gach duine réidh don lá fhada.

Tosaíonn an lá ar leath i ndaidh a hocht nuair a osclaítear na boscaí agus bíonn daoine réidh le vótaí a chomhaireamh. Bíonn an lucht oifigiúil comhairimh ar thaobh amháin den sconsa, ag rannadh is ag comhaireamh uimhir a haon. Tá na daoine ar an taobh eile den sconsa ag coinneáil súil ghéar ar na páipéir vótála, agus ag coinneáil scór ar na huimhreacha - cé a fuair uimhir a haon. Comhoibríonn lucht scóir le chéile don chuid is mó, agus cuireann siad na figiúirí le chéile. Ciallaíonnn sé seo gur féidir leo scáirt gutháin a chur ar na hiarrthóirí go luath, a rá cé mhéad vóta (go neamhoifigiúil) a fuair siad féin agus gach iarrthóir eile sula dtagann na figiúirí amach go hoifigiúil níos moille sa lá.


Tá seiceáil agus athsheiceáil le déanamh gach cuid den bhealach sula n-eisítear torthaí. Gach céim sa phróiséas. De réir a chéile a thógtar na caisleáin. Ciallaíonn sé sin go mbíonn neart seasamh thart agus cupáin caife ann. Agus comhrá.

ag glacadh scíth idir na comhairimh

Ní thagann iarrthóirí isteach ró-luath, go dtí go bhfaigheann siad scéala an bhfuil bua, briseadh nó feitheamh fada rompu. Bhí feitheamh fada romhainn féin, mar bhí a fhios againn go ndáileofaí agus go n-athdháileofaí vótaí i rith an lae.


Neamhspleách (le chéile). Feitheamh fada rompu beirt.

Agus leanann an comhaireamh, an seiceáil agus ar uile is ar uile is ar uile i rith an lae.



Agus ag pointe éigin bíonn vótaí millte le seiceáil, féachaint an bhfuil siad millte i gceart nó an bhfuil ord vótála soiléir ann. In amanna cuireann daoine 'x' isteach go fóill in áit 1,2,3. Bíonn na hiarrthóirí nó ionadaí leo ag féachaint go géar air seo, ag aontú agus ag easaontú le gach cinneadh.



Agus idir gach céim den bhealach? Caife agus siúl. Agus má tharlaíonn corrbhoc mór le rá do bhealach roimh na ceamaraí, buail isteach ag a ghualainn agus beidh tú le feiceáil ar an nuacht an oíche sin...

http://www.rte.ie/player/ie/show/10286371/

Agus díreach nuair a shíleann tú go bhfuil an comhaireamh ag tapú is ag bogadh chun deiridh... iarrann iarrthóir athsheiceáil. Déantar athsheiceáil agus gáirtear athchomhaireamh ó thús. Tá sé a haon déag a chlog. Am le dul abhaile agus dul a luí roimh an dara lá fada an lá arna mhárach.

Agus na cailíní beaga agus a máithreacha romhat an bealach ar fad abhaile, ar a mbealach féin abhaile ón rud mór sa saol acu féin - ceolchoirm 'One Direction'. Tá an trácht go dona, uafásach. Foighid, a chroí, foighid.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.