Tá an-chuma ag teacht ar an bhlag seo, http://gearrsceal.wordpress.com/, agus soláthar a dhéanamh aige ar fhoilsitheoireacht sa Ghaeilge ar líne. Creidim go bhféadfadh leis an suíomh seo bearna mhór a líonadh.
Níl mórán ar fáil saor in aisce ag Comhar ná ag An tUltach ná Feasta ar líne. Mór an trua é. Tá daoine cleachtaithe le hábhar bheith ar fáil ar an idirlíon sa lá atá inniu ann.Saothraíonn foilsitheoirí ar líne airgead ó bholscaireacht agus ó fhógraíocht.Chan ó dhíolachán síntiúisí. Sin an domhan a bhfuil muid beo inti. Agus ós rud é go bhfuil na hirisí thuasluaite beo ar mhaoiniú stáit, ní fheicim fáth ar bith nach ndéanfáidís amhlaidh agus a gcuid ábhar a chur ar fáil in aisce don domhan mhór. Bímis macánta. Níl pingneacha móra, beaga ná rua le saothrú as bheith ag scríobh as Gaeilge. Cén fáth a mbeimis ag iarraidh síntiúisí as rud atá curtha ar fáil ag deontaisí rialtais in earnáil nach mbíonn síntiúisí ann?
Aontaím leat ós rud é gurbh ón mbonn anuas atá seo ag teacht. Ach ní féidir le healaín a bheith beo ar deá thoil agus moladh. Níl mé cinnte gurbh é a thabhairt uait ar fad an bealach is fearr. Is slat tomhais de chineál síntiúis (agus ceannach leabhar) ar fiúntas.
ReplyDeleteTuigim dó sin, a Aonghuis, Agus níor thug mé uaim an scéal anseo in aisce - bhain mé slaimín beag airgid i mo dhorn a cheannaigh leathríomhaire dom. Ach b'shin é. Ní fhaigheann na scríbhneoirí mórán ar son a saothair - má fhaigheann siad pingin rua féin. Tá gá le heagarthóireacht agus caighdeán, aontaím leat ansin. Ach ní ón fhoilsiú go díreach a ghnothaíonn lucht scríofa sa Ghaeilge a gcuid airgid, ach ó ghníomhaíochtaí eile nach é.
ReplyDelete