Friday 9 May 2014

Tithe móra, tithe beaga



Tá an Polaiteoir sa teach ag rith sa rás arís. Tá gach duine againn sa teach seo inár bpolaiteoirí, ar ndóigh. Bíodh an pholaitíocht pearsanta nó an Pholaitíocht Phoiblí, bíonn an plé thar an tábla ag am dinnéara sa teach s'againne polaitiúil go minic agus Polaitiúil chomh maith. Tá ár mbarúil féin ag gach duine againn, agus nach mairg don bhuachaill nó don chailín nó don chara a shuíonn ag an tábla nach gcuireann spéis ina leithéid.

Tá Sé Féin ag rith arís.  Ach ó d'athraigh siad na limistéir thoghcheantair áitiúla, tá sé neamhspleách chomh maith. Ciallaíonn sé sin go bhfuil Sé Féin ag rith gan aon chuidiú ó pháirtí nó ó na foinsí tacaíochta a bhíonn ann ag ball páirtí - acmhainní airgid agus baiclí stocaireachta.


baicle stocaireachta

Mar nach bhfuil aon bhaicle stocaireachta aige, téim amach anois is arís, nuair is féidir liom. Glacann sé am agus fuinneamh dul amach gach tráthnóna, agus tá cúraimí eile orm leis. Cuireann sé iontas orm i dtólamh na daoine seo nach bhfuil ag rith iad féin, ach a mbíonn sé ar a gcumas acu dul amach oíche i ndiaidh oíche. Bíonn siad gan páistí, is dócha, nó ag éalú ón chúram chéanna.

Tá sé i gceantar nua an iarraidh seo. Tá roinnt de na comharsanachtaí a bhí san iarcheantar imithe isteach sa cheantar nua seo, agus is ann a bhfuil cinneadh déanta aige rith. Tá rud amháin tugtha faoi deara agam thar aon ní eile leis an stocaireacht an iarraidh seo - am. Tógann se i bhfad níos mó ama  stocaireacht  a dhéanamh ar gach fiche teach, abair,  i lathair na huaire, ná mar a thóg sé orainn cúig bliana ó shin. Ansin, chuimhnigh mé - tá na tithe sa cheantar nua seo i bhfad níos mó. Glacann sé níos mó ama orthu theacht ón chistin go dtí an doras tosaigh. Níl mé ag magadh. 'Sé sin, má fhaighim isteach ar chor ar bith, muna mbím barráilte ag geataí móra míofara leictreonacha. Agus má tá mé ar thairseach agus buailim ar an chlog, agus fanaim, agus ní thagann duine go dtí an doras, tiompaím le dul síos chuig an gheata arís agus bím leathbealaigh síos an casán gairbhéil agus ansin osclaíonn siad an doras. Domhain eile. Tithe móra míofara, intercoms ar an doras, geataí leictreonacha.



Ach is Baile átha Cliath atá ann, agus síos thart an choirnéal ar gach sráid lán de na tithe móra bíonn sráid le tithe beaga. Tagann siad chuig an doras in am tráth mar níl cúpla laindéar idir iad, thuas staighre ar fad ar fad, agus an doras. Níl aon mhadadh mór taobh thiar daofa, ar eagla na heagla. Níl aon intercom le ceamara acu le seiceáil an fiú an turas a chur orthu idir an chistin agus an doras.

Is cuimhin liom an t-am gur tháinig mé go Baile Átha Cliath ar dtús, sna hochtóidí. Bhí cairde agam in árasán i Ranalach. Ní raibh pingin rua idir an t-iomlán againn, agus mar sin ba ghnáth linn siúl thart ar an cheantar tráthnóna Dé Domhnaigh, ag cabaireacht agus ag comhrá, ag meilt ama. Saor in aisce. Aer agus aclaíocht. Agus ag déanamh iontais de na tithe móra míofara i nDomhnach Broc, Rath Garbh, Ranalach agus Rath Maoinis.Thrácht muid, an uair sin, mar gur bhreá linn teach mór mar sin nuair a bheimis níos sine. Anois, áfach, ag féachaint ar na tithe móra lena madraí móra agus a ngeataí leictronacha agus a gcuid intercoms agus ceamaraí, níl me den bharúil chéanna ar chor ar bith.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.