An Duibhis |
Is ionann lónadh agus lána nó casán. Tá dhá
lónadh ar m’aithne i mBéal Feirste, Lónaidh an ‘Pound’, i gceartlár na bhFál
Íochtarach i lár Bhéal Feirste, agus Lónaidh na Duibhise, a thógann suas thart
ar scáth na Duibhise thú. Tá radharc iontach ón dara ceann, agus tú in airde ar
an sliabh, thar an chathair agus Loch
Lao.
Bus Uimhir 11 ag barr na Carraige Báine |
Chuaigh mé suas an ‘Mountain Loney’ ar thaobh
Duibhise an deireadh seachtaine seo caite le m’athair. Tá sé 91, agus breoite,
ach bhí mé ag iarraidh é a fháil amach as an teach (sa charr). Fuair sé síos an
cúpla céim ón teach go dtí an carr le dua, mar fuair sé stróc cúpla mí ó shin
agus tá cúrsaí siúil achrannach. Suas linn Bóthar na Carraige Báine, go dtí an áit a stopadh an Bus Uimhir 11 agus go dtuirlingímis nuair a bhí muid beag
bídeach. Thógtaí muid féin suas an sliabh sna seascaidí go minic sa samhradh,
ag spaisteoireacht tríd an fhéar, ag dreapadóireacht thar chnocáin, ag ól
fíoruisce fuar ó shrutháin. An seanfhear a shuigh liom sa charr a thóg suas
muid, mar chlann, nuair a bhí sé féin lúfar, ábalta agus in innimhe ag an
saol.
Díreach ar aghaidh sa charr an t-am seo, in
ait tosú ag siúl. Thar chúpla múrach poblachtánach ar bhinn tí - is teann gach madadh - agus suas,
suas, suas an bóithrín cúng, crainn arda ar gach taobh. Foscadh ón ghrian is ón
ghaoth. Ciúnas, chomh maith. Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil ar an
bhóthar, ar tháinig claochló air roimh i bhfad, agus a rinneadh bóithrín beag
cúng de.
Thóg mé suas an sliabh é mar is ansin a
chaith sé go leor dá óige é fein, sna fichidí agus isteach sna tríochaidí, chomh
maith lena chlann óg a thabhairt suas in am tráth. Cinnte, bhí lúcháir air agus
muid ag gabháil suas fána géar an lónaidh. Rinne sé iontas de na hathruithe
agus de na rudaí nár athruigh.
Ní lúcháir a bhí orm féin ach eagla – níor
chuimhin liom an lónaidh bheith chomh crochta, rite is atá. Agus dhruid na
crainn isteach ar achan taobh – rud pléisúrtha an lá te seo má bhí tú ag siúil,
mar a rinne muid féin go minic agus muid óg. Bhí mo chroí i mo bhéal ag déanamh
go dteipfeadh ar inneall an Mhicra ar an bhealach suas - agus cad a dhéanfainn le
fear gan siúl agus carr gan giog? Níor mhair an turas beag ach roinnt bomaite
ach baineadh blianta de mo shaol…
Ach bhain muid barr an lónaidh amach faoi
dheireadh. In áit imeacht thar na
páirceanna, mar a dhéanaimis i m’óige, choinníomar ar an bhóithrín trasna. Bhí
an oiread sin d’fhaoiseamh orm gur bhaineamar barr an lónaidh amach gan tada
tarlúint don charr gur chuir mé fúm fáil síos chomh luath géar is a thiocfadh
liom, agus an fear beag seo a fháil abhaile slán socair sábháilte ina chathaoir
os comhair an teilí ar Bhóthar na bhFál
arís. Níor stop mé leis na radharcanna iontacha a bhlaiseadh. Níor stop mé le
pictiúr a ghlacadh. Níor stop mé le héisteacht leis an chiúnas.
Tchím teach m'aintín - thíos agus ar dheis - ar thaobh amháin den bhalla síochána anseo |
Bhuail mé síos an lónadh agus amach liom an
taobh eile de, chuig bratacha Ultacha ar foluain ó na lampaí sráide agus
dearg-bán-gorm – agus oráiste - ar
bhinn tí. Is teann gach madadh. An balla ard síochána ar thaobh mo láimhe deise, chun daoine a choinneáil
scartha óna chéile sa dóigh is nach mairfidh siad a chéile. Cláruimhir Bhaile Átha Cliath ar an Micra.
Vrúm.
Ar ais sa bhaile faoi dheireadh, é féin i
ndiaidh dreapadh aníos an cúpla céim chuig an doras tosaigh agus socrú isteach
ina chathaoir, thit sé ina chodladh, ar ais ar a thairseach féin.
Ar ais i mo theach féin níos moille an oíche
chéanna, bhí muid ag trácht ar an dóigh a bhfuil an dá phobal ó thuaidh chomh fite
fúite snaidhmthe thart ar a chéile. Bhí
píosa ann faoi fhear óg a d’imigh leis na Sunnis. Bhí mé ag magadh nuair a dúirt mé le mo mhac -
'Á, ach an Muslamach Protastúnach nó an Muslamach Protastúnach é anois, sin an cheist a chuirfidh siad ó thuaidh, a chroí.'
Chrom sé ar an ghúgláil díreach agus ar sé -
' ... Sunni...aye, sin Muslamach Caitliceach.'
Píosa deas. Trua go bhfuilimid uile chomh teann, scaití!
ReplyDelete