Monday 7 July 2014

Is teann gach madadh

An Duibhis


Is ionann lónadh agus lána nó casán. Tá dhá lónadh ar m’aithne i mBéal Feirste, Lónaidh an ‘Pound’, i gceartlár na bhFál Íochtarach i lár Bhéal Feirste, agus Lónaidh na Duibhise, a thógann suas thart ar scáth na Duibhise thú. Tá radharc iontach ón dara ceann, agus tú in airde ar an sliabh,  thar an chathair agus Loch Lao.


Bus Uimhir 11 ag barr na Carraige Báine

Chuaigh mé suas an ‘Mountain Loney’ ar thaobh Duibhise an deireadh seachtaine seo caite le m’athair. Tá sé 91, agus breoite, ach bhí mé ag iarraidh é a fháil amach as an teach (sa charr). Fuair sé síos an cúpla céim ón teach go dtí an carr le dua, mar fuair sé stróc cúpla mí ó shin agus tá cúrsaí siúil achrannach. Suas linn Bóthar na Carraige Báine, go dtí an áit a stopadh an Bus Uimhir 11 agus go dtuirlingímis nuair a bhí muid beag bídeach. Thógtaí muid féin suas an sliabh sna seascaidí go minic sa samhradh, ag spaisteoireacht tríd an fhéar, ag dreapadóireacht thar chnocáin, ag ól fíoruisce fuar ó shrutháin. An seanfhear a shuigh liom sa charr a thóg suas muid, mar chlann, nuair a bhí sé féin lúfar, ábalta agus in innimhe ag an saol. 

Díreach ar aghaidh sa charr an t-am seo, in ait tosú ag siúl. Thar chúpla múrach poblachtánach ar bhinn tí - is teann gach madadh -  agus suas, suas, suas an bóithrín cúng, crainn arda ar gach taobh. Foscadh ón ghrian is ón ghaoth. Ciúnas, chomh maith. Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil ar an bhóthar, ar tháinig claochló air roimh i bhfad, agus a rinneadh bóithrín beag cúng de.
Thóg mé suas an sliabh é mar is ansin a chaith sé go leor dá óige é fein, sna fichidí agus isteach sna tríochaidí, chomh maith lena chlann óg a thabhairt suas in am tráth. Cinnte, bhí lúcháir air agus muid ag gabháil suas fána géar an lónaidh. Rinne sé iontas de na hathruithe agus de na rudaí nár athruigh.

Ní lúcháir a bhí orm féin ach eagla – níor chuimhin liom an lónaidh bheith chomh crochta, rite is atá. Agus dhruid na crainn isteach ar achan taobh – rud pléisúrtha an lá te seo má bhí tú ag siúil, mar a rinne muid féin go minic agus muid óg. Bhí mo chroí i mo bhéal ag déanamh go dteipfeadh ar inneall an Mhicra ar an bhealach suas - agus cad a dhéanfainn le fear gan siúl agus carr gan giog? Níor mhair an turas beag ach roinnt bomaite ach baineadh blianta de mo shaol…



Ach bhain muid barr an lónaidh amach faoi dheireadh. In  áit imeacht thar na páirceanna, mar a dhéanaimis i m’óige, choinníomar ar an bhóithrín trasna. Bhí an oiread sin d’fhaoiseamh orm gur bhaineamar barr an lónaidh amach gan tada tarlúint don charr gur chuir mé fúm fáil síos chomh luath géar is a thiocfadh liom, agus an fear beag seo a fháil abhaile slán socair sábháilte ina chathaoir os comhair an teilí ar Bhóthar na  bhFál arís. Níor stop mé leis na radharcanna iontacha a bhlaiseadh. Níor stop mé le pictiúr a ghlacadh. Níor stop mé le héisteacht leis an chiúnas.

Tchím teach m'aintín - thíos agus ar dheis - ar thaobh amháin den bhalla síochána anseo

Bhuail mé síos an lónadh agus amach liom an taobh eile de, chuig bratacha Ultacha ar foluain ó na lampaí sráide agus dearg-bán-gorm – agus oráiste -  ar bhinn tí. Is teann gach madadh. An balla ard síochána ar thaobh mo láimhe deise, chun daoine a choinneáil scartha óna chéile sa dóigh is nach mairfidh siad a chéile.  Cláruimhir Bhaile Átha Cliath ar an Micra. Vrúm.



Ar ais sa bhaile faoi dheireadh, é féin i ndiaidh dreapadh aníos an cúpla céim chuig an doras tosaigh agus socrú isteach ina chathaoir, thit sé ina chodladh, ar ais ar a thairseach féin.


Ar ais i mo theach féin níos moille an oíche chéanna, bhí muid ag trácht ar an dóigh a bhfuil an dá phobal ó thuaidh chomh fite fúite snaidhmthe thart ar a chéile.  Bhí píosa ann faoi fhear óg a d’imigh leis na Sunnis. Bhí mé ag magadh nuair a dúirt mé le mo mhac -

 'Á, ach an Muslamach Protastúnach nó an Muslamach Protastúnach é anois, sin an cheist a chuirfidh siad ó thuaidh, a chroí.' 

Chrom sé ar an ghúgláil díreach agus ar sé -

 ' ... Sunni...aye, sin Muslamach Caitliceach.'








1 comment:

  1. Píosa deas. Trua go bhfuilimid uile chomh teann, scaití!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.