Ceist agam ar na saineolaithe ríomhaireachta amuigh ansin.
D'athraigh mé ríomhairí cúpla mí ó shin. Bhí an seancheann ag rith ar XP, agus nuair a deirim 'seancheann', sean, sean, sean a bhí i gceist. Fuair mé é nuair a chaith institiúid tríú leibhéal amach é. Tá sé níos saoire ar choláistí na gléasanna a bhronnadh ar dhaoine saor in aisce seachas íoc as iad a athchúrsáil.
Ghéill mé do Windows (ba bhreá liom Apple ach níl an oiread sin airgid agam!) agus cheannaigh mé ceann nua le Windows 8.1. Agus chuir mé blaosc Windows 7 sa mhullach ar an leagan 8, mar níl scaileán idirghníomhach agam. agus bhí Windows 8 mo chur ar na daoraidh.
Sin a bhfuil sa táin ag an ríomhaire nua.
Bhronn mé an seanríomhaire ar chomharsa liom a bhí 'idir ríomhairí'. Cuirimis Melissa uirthi, agus cuirimis Fionn agus Oisín ar a mac. Bhí sí leis an ríomhaire a athchúrsáil í féin nó a chaitheamh ar ais chugam nuair a bheadh ceann nua aici ar ball. Tá sé aici fós nó tá sé athchúrsáilte, ní fios.
Ócé. Seo mo thomhas. Nuair a osclaím geata FaceBook de ghnáth, tagann gach ríomhphost le gach duine sa teach aníos ar an bhosca úsáideora. Mise, mo chlann, cúpla cara leo siúd ar thug mé cead daofa é a úsáid anois is arís.
Ach le tamall anuas tá seolta ríomhphoist Melissa agus Fionn agus Oisín ag teacht ar an liosta seo chomh maith. Ní raibh na mic ariamh i mo theach. Ní dhéanann mé féin agus Melissa ach caife a ól - is í an teicneolaíocht is sofaisticiúla a úsáidimid ná an citeal.
Tuigim go bhfuil baint idir an seanríomhaire agus é seo. Tá súil istigh agam, má thagann Fionn nó Oísín ar mo chuntas FB, go mbeidh feabhas ar a gcuid Gaeilge dá réir. Níor haiceáil siad isteach i mo chuntas ná i gcuntas mo mhuintire - go bhfios dom - le haon ábhar neamhoiriúnach.
Ach ba mhaith liom fáil amach conas ar tharla sé, le teann fiosrachta.
Freagra an tomhais seo ag éinne?
Níl ach gur dócha go mbíonn straoisleabhair ag coinneáil taifid ar na ríomhairí a úsáideann tú agus ag iarraidh cabhrú leat mar dhea (na fianáin)! Tá siad ar an mbionda gach duine a nascadh le chéile, ar ndóigh ...
ReplyDeleteFéach mar shampla:
http://www.geek.com/news/facebook-explains-why-it-tracks-you-even-when-youre-logged-out-1424083/
grma, a Aonghuis. An 3ú huair ag iarraidh teachtaireacht a fhágáil... rud éigin ar bun le blogger nó ...
Delete