Thursday 7 August 2014

FaceBook - tomhas...



Ceist agam ar na saineolaithe ríomhaireachta amuigh ansin.

D'athraigh mé ríomhairí cúpla mí ó shin. Bhí an seancheann ag rith ar XP, agus nuair a deirim 'seancheann', sean, sean, sean a bhí i gceist. Fuair mé é nuair a chaith institiúid tríú leibhéal amach é. Tá sé níos saoire ar choláistí na gléasanna a bhronnadh ar dhaoine saor in aisce seachas íoc as iad a athchúrsáil.

Ghéill mé do Windows (ba bhreá liom Apple ach níl an oiread sin airgid agam!) agus cheannaigh mé ceann nua le Windows 8.1. Agus chuir mé blaosc Windows 7 sa mhullach ar an leagan 8, mar níl scaileán idirghníomhach agam. agus bhí Windows 8 mo chur ar na daoraidh.

Sin a bhfuil sa táin ag an ríomhaire nua.



Bhronn mé an seanríomhaire ar chomharsa liom a bhí 'idir ríomhairí'. Cuirimis Melissa uirthi, agus cuirimis Fionn agus Oisín ar a mac. Bhí sí leis an ríomhaire a athchúrsáil í féin nó a chaitheamh ar ais chugam nuair a bheadh ceann nua aici ar ball. Tá sé aici fós nó tá sé athchúrsáilte, ní fios.

Ócé. Seo mo thomhas.  Nuair a osclaím geata FaceBook de ghnáth, tagann gach ríomhphost le gach duine sa teach aníos ar an bhosca úsáideora. Mise, mo chlann, cúpla cara leo siúd ar thug mé cead daofa é a úsáid anois is arís.
Ach le tamall anuas tá seolta ríomhphoist Melissa agus Fionn agus Oisín ag teacht ar an liosta seo chomh maith. Ní raibh na mic ariamh i mo theach. Ní dhéanann mé féin agus Melissa ach caife a ól - is í an teicneolaíocht is sofaisticiúla a úsáidimid ná an citeal.

Tuigim go bhfuil baint idir an seanríomhaire agus é seo. Tá súil istigh agam, má thagann Fionn nó Oísín ar mo chuntas FB, go mbeidh feabhas ar a gcuid Gaeilge dá réir. Níor haiceáil siad isteach i mo chuntas ná i gcuntas mo mhuintire - go bhfios dom -  le haon ábhar neamhoiriúnach.

Ach ba mhaith liom fáil amach conas ar tharla sé, le teann fiosrachta.

Freagra an tomhais seo ag éinne?

2 comments:

  1. Níl ach gur dócha go mbíonn straoisleabhair ag coinneáil taifid ar na ríomhairí a úsáideann tú agus ag iarraidh cabhrú leat mar dhea (na fianáin)! Tá siad ar an mbionda gach duine a nascadh le chéile, ar ndóigh ...

    Féach mar shampla:
    http://www.geek.com/news/facebook-explains-why-it-tracks-you-even-when-youre-logged-out-1424083/

    ReplyDelete
    Replies
    1. grma, a Aonghuis. An 3ú huair ag iarraidh teachtaireacht a fhágáil... rud éigin ar bun le blogger nó ...

      Delete

Note: only a member of this blog may post a comment.