Sunday 21 September 2014

Fianna an Fhionnuisce

Fianna Pháirc an Fhionnuisce

Tá an fómhar linn. Tá na fianna dolba dalba. Agus in éadan gach comhartha rabhaidh, tá na Bácadóirí is na Turasóirí ag déanamh gach rud nach ceart a dhéanamh. 



Fágann na Turasóirí a gcuid rothair ghleoite (ar cíos? tá súil istigh agam) ina luí ar an fhéar, gan ghlas, gan bhac ar aon Bhácadóir dána. Mar ar ndóigh, ní ghoidfí rothar i nÉirinn.





Tá siad ag iarraidh na fianna a chuimilt. Tá siad  a mbeathú le giotaí dá gcuid picnicí.




Ach ar an taobh eile de, tá na páistí ann ag iarraidh a gcuid liostaí Santaí a fhágáil leo cheana. Agus tá creathadh ag dul tríd na tuismitheoirí, aiféala orthu gur thug siad an taobh seo den pháirc iad in áit dul chuig an chlós súgartha, áit nach bhfuil fia le feiceáil.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.