Wednesday 17 September 2014

Siúlóidí sa Dún Cuid 3

Oileán Mhic Giolla Gunna


Tá ceantar Leath Cathail thart ar agus taobh amuigh de Dhún Phádraig. Thaithigh mé an áit gach samhradh i mo pháiste dom agus téim ar ais anois is arís. An cúpla lá a sciob mé ó chúraimí an tsaoil i mbliana, bhí siad lán draíochta. Bhí ceo agus grian agus teas agus áilleacht ann.

Teaichíní iascaireachta Bhaile Uí Thornáin

Ní hé na radharcanna áille amháin a mheallann an cuairteoir, ach boladh na farraige, leis.


áitritheoir  trá

clapsholas

dathanna éagsúla le feiceáil ar an trá

Bhuail mé síos chuig Ard Ghlais agus cheannaigh mé sceallóga, agus bhreathnaigh mé ar an bhádlann nua ghalánta atá acu ó bhí mé ansin go deireanach.




Is áit álainn í. Tá neart iarsmaí ann má tá spéis agat sa stair. Lonnaigh go leor cine sa cheantar, ó Cheiltigh go Normannaigh go lucht Plandála.




Tá Tobar Phádraig ann, seantobar ceilteach ar thóg na Críostaithe seilbh air ina n-am féin. Tá bóithrín fada le siúl síos le teacht uirthi ach is fiú an siúlóid. Dhéantaí patrún ann nuair a bhí mé óg. Níl mé cinnte an bhfuil sé ann go fóill.



Tá rian den seanbhóthar ann síos chuig an tobar ón chósta ann chomh maith. Bhíodh páirceanna (atá glas le coirce anois) lán tithe agus bailte beaga fadó. Ach tá siad imithe anois, cloíte ag an ghorta mhór agus ag an imirce.

Seanbhóithrín chun an tobair

Agus an fharraige ann i dtólamh - 




Eaglais Ard Tuathail

Iarsmaí ársa na LuathChríostaíochta taobh amuigh den Ard Ghlais. Radharc iontach amach chun na farraige ann.



Tá iontaisí eile don staraí sa cheantar, ach beidh lá eile agam daofa siúd.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.