Sunday 14 September 2014

Ar bhruach an locha




Ar chuairt chun an locha ar an mallaibh, chinn mé cuairt a thabhairt ar áiteacha nach raibh mé ariamh ann. Ceann acu ná Carn Bhaile Audley. Chuaigh mé síos chuig an chomhartha bóthair a threoraigh síos bóithrín ceomhar mé, an mhaidin fómhair sin.


Bhí mé in inmhe a shamhlú go raibh mé ag gabháil that thairseach dhomhan eile. Dá mbeadh aon phíobaire ar na gaoraibh bheinn cinnte de gur síóg a  bheadh ann.


Agus dá mbuailfeadh daol ocrais thú, bhí neart le hithe.

Síos an bóithrín ciúin ceomhar i dtreo an chairn. Draíocht san aer.



agus nuair a shroich mé an áit...




Shiúil mé go fánach thar thrí pháirc sa cheo. Ach carn ní fhaca mé, ná mórán eile ach oiread!



Ar mo bhealach ar ais, chonaic mé cúpla leaba do na síógaí



Agus óstán.


Lá ceomhar san fhómhar.

2 comments:

Note: only a member of this blog may post a comment.