Saturday 13 September 2014

Loch Cuan ina shuan

Beár, bialann, lóistín

Baile beag néata é Baile Loch Cuan. 'Néata' an focal is mó a oireann dó, dar liom. D'fhan mé ann cuid mhaith thar na blianta ar laethe saoire, agus bhí mé abhus arís i mbliana, 

An siopa nuachtán a dhíolann go leor eile!

Rinne mé mochéirí - an rud is annamh is iontach - agus chuaigh mé amach ag siúl.

Baile Loch Cuan - ag dul isteach sa choill

Tá an fómhar linn. Ach tá an ghrian ag teacht is ag imeacht na laethe seo, agus ag giorrú laethe gruama an gheimhridh píosa beag, cinnte. Nach deas an rud fómhar chomh séimh bheith againn?


Add caption
Ag siúl go moch an mhaidin sin, bhí an cheo ag pógadh na nduilleoga ar na crainn. Shílfeá go raibh sé ag dul a chur fearthainne ach ní raibh ann ach an cheo.


Tuigim cén fath a mbíodh daoine pisreogach sa seanam - agus inniu. Bhí domhan eile ansin romham sa cheo.











1 comment:

Note: only a member of this blog may post a comment.