Nuair a bhí mé i mo dhéagóir bhíodh 'rogha na mban' againn uair amháin san oíche ag na céilithe. Bhí cead ag mná fir a roghnú le hiarraidh amach a dhamhsa. Uair amháin san oíche. Ná téimis thar fóir agus cead a gcinn ligint leo!
ag fanacht ar eitleán - ginmhilleadh Éireannach. |
Chuir bean as Doctors for Choice orm an dtéim chuig na rudaí seo go minic? Inár suí ag na Gáirdíní Cuimhneacháin, taobh le Catherine Murphy - an t-aon Teachta Dála a chonaic mé ar an lá seachas Clare Daly a bhí ag caint - sular thosaigh an Mórshiúl Rogha, Dé Sathairn, 27 Fómhair i mBaile Átha Cliath. Ní raibh a fhios agam cén freagra a thabharfainn di.Shiúil mé i gcuimhne Savita. Shiúil mé faoi dhó don Lá Dearg - i mBÁC agus i mBéal Feirste. Ach tá mé ag siúl ar son rogha do na mná ó na hochtóidí. Míle naoi gcéad ochtóidí.
Bhí idir fhir is mhná ann, óg agus aosta.
Múinte agus thar a bheith díreach.
Frith-thraidisiúnta -
agus traidisiúnta -
Agus lucht an chluiche i lár na pairce -
Bhí rogha maith póstaer ann -
agus rogha cainteoirí,
Speechannaí ag an tús - Alice Mary Higgins |
speechannaí ag an deireadh - Clare Daly |
Bhí na sluaite ann ó gach cearn
Bhí Speaking of IMELDA ann
Agus i ndeireadh an lae, bhí sé deas suí sa Phéacóg agus sos a ghlacadh roimh dhul isteach chuig 'Réiltín' le Fibín. Bean eile gan mórán de rogha.
Mar a dúirt Voltaire, tá mé i gcoinne bhur n-aighneas ach tá mé ar son bhur gcead aighnis.
ReplyDeleteDea-thuairisc agus spéisiúl.
Maith an rud go raibh an corr-chlár Gaeilge in airde ann, cé nach sílim gur cogadh na bpit atá ann ach cogadh na leanaí. (Dea-Ghaeilge na Gaeltachta muis ina dtugtar a cheart do na focail chumhachtacha Béarla),
GRMA.
Fearn
Pointe maith agat faoi Rogha na mBan ag na damhsaí.
ReplyDeleteCos ar bolg orainn le fada.
In am anois meas a thabhairt do na mná.
Lig dóibh a rogha féin a dhéanamh. Maith thú.
An-deas léamh faoin agóid
Jeepers, @Fearn, tá tú ag éirí bog. Caithfidh nach raibh mé tréan go leor! @An Croí Ait - an-lá. An-eolas ar fáil ann.
ReplyDeleteForsooth, a Réaltáin, bhí tú os cionn buille!
ReplyDeleteFearn