Saturday 27 September 2014

Rogha na mBan




Nuair a bhí mé i mo dhéagóir bhíodh 'rogha na mban' againn uair amháin san oíche ag na céilithe. Bhí cead ag mná fir a roghnú le hiarraidh amach a dhamhsa. Uair amháin san oíche. Ná téimis thar fóir agus cead a gcinn ligint leo!

ag fanacht ar eitleán - ginmhilleadh Éireannach.

Chuir bean as Doctors for Choice orm an dtéim chuig na rudaí seo go minic? Inár suí ag na Gáirdíní Cuimhneacháin, taobh le Catherine Murphy - an t-aon Teachta Dála a chonaic mé ar an lá seachas Clare Daly a bhí ag caint -  sular thosaigh an Mórshiúl Rogha, Dé Sathairn, 27 Fómhair i mBaile Átha Cliath. Ní raibh a fhios agam cén freagra a thabharfainn di.Shiúil mé i gcuimhne Savita. Shiúil mé faoi dhó don Lá Dearg - i mBÁC agus i mBéal Feirste. Ach tá mé ag siúl ar son rogha do na mná ó na hochtóidí. Míle naoi gcéad ochtóidí.



Bhí idir fhir is mhná ann, óg agus aosta.


Múinte agus thar a bheith díreach.


Frith-thraidisiúnta - 


agus traidisiúnta - 



Agus lucht an chluiche i lár na pairce - 



Bhí rogha maith póstaer ann - 







agus rogha cainteoirí, 

Speechannaí ag an tús - Alice Mary Higgins


speechannaí ag an deireadh - Clare Daly

Bhí na sluaite ann ó gach cearn







Agus i ndeireadh an lae, bhí sé deas suí sa Phéacóg agus sos a ghlacadh roimh dhul isteach chuig 'Réiltín' le Fibín. Bean eile gan mórán de rogha. 








4 comments:

  1. Mar a dúirt Voltaire, tá mé i gcoinne bhur n-aighneas ach tá mé ar son bhur gcead aighnis.

    Dea-thuairisc agus spéisiúl.

    Maith an rud go raibh an corr-chlár Gaeilge in airde ann, cé nach sílim gur cogadh na bpit atá ann ach cogadh na leanaí. (Dea-Ghaeilge na Gaeltachta muis ina dtugtar a cheart do na focail chumhachtacha Béarla),

    GRMA.


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Pointe maith agat faoi Rogha na mBan ag na damhsaí.
    Cos ar bolg orainn le fada.
    In am anois meas a thabhairt do na mná.
    Lig dóibh a rogha féin a dhéanamh. Maith thú.
    An-deas léamh faoin agóid

    ReplyDelete
  3. Jeepers, @Fearn, tá tú ag éirí bog. Caithfidh nach raibh mé tréan go leor! @An Croí Ait - an-lá. An-eolas ar fáil ann.

    ReplyDelete
  4. Forsooth, a Réaltáin, bhí tú os cionn buille!

    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.