Tuesday 28 October 2014

An traein mhall 2




Tháinig traein an rogha ó Bhéal Feirste inniu - go mall, leis an fhearthainn agus leis an aimsir stoirmiúil. Ach bhí scaifte againn ag  fanacht uirthi ar chéimeanna Stáisiún Uí Chonghaile. Bhí siad ag tógáil piollaí ginmhillte thar an teorainn ar bhonn dleathach nach bhfuil cead dleathach iad a fháil sa phost ná ó dhochtúir anseo. Níl na piollaí sin ar fáil ar na taobh eile den teorainn ó thuaidh ach an oiread ach is féidir iad a fháil tríd an phost ón chuid eile den Ríocht 'Aontaithe' gan aon agó. £90. Agus is féidir dul i dteagmháil le https://www.womenonweb.org/




Tháinig siad tríd na geataí agus isteach sa phríomh-halla



Ceann de na manaí is fearr liom - arán agus rósanna -  ina mhana acu féin - 


Shlog siad siar na drugaí atá ag déanamh imní don rialtas ach a bhfuil glacadh leo ag WHO (An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte) agus rinneadh an speechifying.



Bhí an stoirm thart. A bhuí le Céard. Bhí sé in am agam siúl a dh'obair.




2 comments:

  1. An bhfuil an ghoimh agus an fhaghairt chéanna ann agus a bhí sna 70í? Ceisteanna níos caolchúisí á bplé sa lá inniu, is dócha, faoi fhiúntas piollaire amháin thar phiollaire eile agus a leithéid.

    ReplyDelete
  2. Dá gcuirfeá an cheist sin orm dhá bhliain ó shin, roimh nhás Savita H., roimh Miss Y agus eachtraí eile chomhmaith, déarfainn nach raibh. Ach tá mná i gcontúirt bháis anois mar gheall ar leasú 8 agus drogall dochtúirí an dlí sin a shárú. Ta faobhar ar chúrsaí nach raibh ann le tamall fada.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.