Sunday 8 February 2015

Dath

Terry Pratchett


Bíonn an Bás i measc na mbeo. Sin an saol. Thug an Bás cúpla cuairt ar an teaghlach againn le deireanas, agus táimid ag bailiú is ag glanadh is ag réiteach smionagair an tsaoil ó shin, mar a tharlaíonn le gach teaghlach.

Bean amháin a fuair bás, aintín liom, bhí sí i dteach altranais don dá bhliain déireanacha dá saol. Ó bhog sí isteach sa seomra inar chaith sí an dá bhliain seo caite níor bhog sí amach as. Bhí a saol éirithe beag agus mhothaigh sí sábháilte sa seomra sin, teilifíseán i gcoirnéal amháin, fuinneog sa choirnéal eile. Ní raibh sí in ann bogadh amach as an leaba agus ní raibh sí ag iarraidh bogadh amach as ach an oiread.

Bhí an teach comhairle ar saolaíodh ann í níos mó ná ceithre scór bliain roimhe sin tugtha ar ais don chomhairle nuair a chuaigh sí isteach sa teach altranais. Tá daoine nua anaithnid ag cónaí ann le dhá bhliain anois. Téim thar an teach corruair, an áit ar tháinig sí féin agus m'athair agus an chuid eile den chlann ar an tsaol ach is teach stráinséara anois é. Chaith mé go leor ama istigh ann nuair a bhí mé beag, ach imíonn sin agus tagann seo.

D'fhág sí dhá mhála plaisteacha ina diaidh nuair a fuair sí bás.Málaí dubha lán de chuimhní - pictiúirí, seanleathanaigh nuachtáin ón 'Irish News' a mbíodh a pictiúr féin nó pictiúr de dhuine éigin eile sa chlann ann. Buí le haois. Níorbh olc an mhaise é, dar liom. Bhí a cuimhní aici, muna raibh pingin rua aici ach an méid a cheannaigh a cuid liomanáide agus brioscaí di féin ina seomra beag sa teach altranais.

Tá mo chuid cuimhní agam féin di. Bhí mé i mo pheata aici tráth agus bhain mé lánsult as an pheataireacht. Maidin Dé Domhnaigh, d'fheictí mise ag triall trasna chuig an teach sin fá choinne gloine liomanáide agus briosca. Bhí clann mhór againn inár dteach féin agus ní raibh a leithéid ar fáil sa bhaile, agus choinnigh m'aintín agus mo mháthair mhór rudaí milse siúcraithe sa teach sin gan páistí  nach bhfacthas ariamh inár dteachsa. Craosaire ceart.

Fuair bean eile bás ar na mallaibh chomh maith. Fuair sí bás ina teach féin ach dalta na mná eile bhí sí teoranta d'achar beag bídeach sa deireadh, ach gur achar beag  den teach céanna inar chónaigh sí le fada a bhí ann. D'fhág sí níos mó ná cúpla mála plaisteach una diaidh. Tá thar scór duine ag glanadh is ag réiteach is ag cuimhniú is ag caoineadh. Agus níl deireadh leis go fóill. 'Daichead a cúig', a chuirfeas mé ar an teach. Sin mar a dhéanaimid tagairt dó sa teaghlach. 'Tá mé ag bualadh trasna chuig daichead a cúig.' 'Feicfidh mé thall in daichead a cúig thú ar ball.'

Bhí mé istigh i gcistin cara cúpla lá ó shin agus bhí muid ag caint is ag plé cúrsaí thar chupán tae. Tháinig an méid a bhí le déanamh go fóill in 'daichead a cúig' isteach sa chomhrá. Bhí mé ag gearáin fá dhaoine - mar is dual do theaghlaigh a dhéanamh. Bíonn gach sórt i dteaghlaigh agus nuair a thagann an Bás tagann daoine le chéile a fhanann amach óna chéile d'aonturas an chuid eile dá saol. Sin mar atá againn féin.

Tá duine amháin sa teaghlach ar chomhaois liom fein (caoga nó sna caogaidí - níl muid cinnte, bíonn sí seachantach fá chúrsaí aoise) atá ag tógáil ceachtanna creidimh le hiompú ina Baisteach, D'fhéadfadh sí iompú ina Cargo Culter agus ba chuma liom. Ach gach uair a fheicim í bíonn sí ag maíomh go bhfuil faitíos uirthi a rá lena tuismitheoirí féin go bhfuil sí le hiompú ina  - agus seo an téarma a úsáideann sí féin - ina 'Black Prod'.

Ba mhaith liom a rá léi gur 'dissenter' a bheadh inti seachas Protastúnach. Ach ní dóigh liom go dtuigfeadh sí. Ach ag filleadh ar mo chara sa chistin agus mé ag caint ar Black Protastúnaigh. Coinníonn an cara seo lóistéirí ón institiúid teicneolaíochta buailte léi. Bhí duine acu sa chistin ag ullmhú pláta pasta dó féin agus muid ag dul don chraic. Effe. Ó Laois. Craiceann chomh dúghorm le haisteoir ar bith ó Roots. Stop an bheirt againn den chraic agus d'amharc muid ar Effe.



'Ní craiceann atá i gceist, a Effe.'
'Nach ea? Cad tá ann mar sin?'
'Creideamh. Agus polaítíocht.'
'Agus ciallaíonn dubh olc?'
'Ciallaíonn.'
'B'é sin an fáth nach maith le daoine muide?'
'Ní sin an fáth. Níl baint aige sin leis an scéal a bheag ná a mhór'
Bhí mé ag baint tuisle asam féin sa chaint ag iarraidh leithscéal a ghabháil as an nath cainte ag an phointe seo.
'Táimid ag caint ar an tuaisceart. Ciallaíonn oideachas measctha ansin daoine geala le daoine geala eile.'
'Nach bhfuil daoine dubha ansin?'
'Níl móran acu ann.'

Ní raibh Effe curtha amach ná isteach air seo agus thosaigh sé ag ríomh scéil faoin choláiste dúinn. Bean agus a cuid fadhbanna. Bhí a tuismitheoirí an-cheartchreidmheach. Ní raibh cead aici a hijab a fhágáil ar leataobh agus bhí sí in adharca leo faoi sin. Ansin d'imigh sé isteach chuig an teilí lena bhabhla pasta.

'Muide'. Daoine dubha. Nó gorma? Cé acu téarma  - nó téarma eile ar fad - ar chóir dúinn a úsáid? Tá go leor daoine de dhath (an téarma a úsaideann siad i mBéarla sna Stáit Aontaithe)  in Éirinn anois inár gcuid scoileanna agus coláistí agus láthair oibre a dtig linn an cheist a chur orthu. Is ceist í a thagann chun cinn go minic i mo chuid ranganna teanga (daoine fásta), ach ní bhíonn daoine neamhgheala agam ach corruair agus nuair a ardaím an topaic leo - dubh vs gorm vs rud éigin eile - is dóigh liom go mbíonn siad rómhúinte le freagra a thabhairt.

Dath. Ba é Terry Pratchett a chum domhan darb ainm Discworld, áit inar chuma le daoine fá bheith geal, gorm, dubh, donn ná buí. Ach glas....



2 comments:

  1. Píosa maith.
    Is mithid dúinn teacht ar dhóigh éigin chun malairt smaointe, dearcadh, cultúir a chur in iúl gan daoine a chur i mboscaí agus lipéid orthu.

    ReplyDelete
  2. An-alt, a Réaltán, mar is iondúil.

    Aontaím, a Aonghuis.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.