Friday 6 February 2015

Polaiteoirí agus an saol réadúil


Bhí díospóireacht sa Dáil inniu ag plé bille Clare Daly chun ginmhilleadh a cheadú do chásanna Éalaing Mharfach Féatais. Bhí mé ag féachaint ar an díospóireacht ar maidin. Beidh vótáil ann Dé Máirt.

Faoi láthair, nuair a fhaigheann tuismitheoirí amach go bhfuil iompar clainne ann nach mbeidh an féatas sin in ann mairstin taobh amuigh den bhroinn, níl aon leigheas acu ach fanacht an naoi mí go dtí go mbeirfear ar an leanbh agus an corpán a chur. Caithfidh siad iad féin a chosaint ar dhaoine ag gabháil comhghairdis leo as siocair bheith ag iompar clainne. Agus de réir mar a leathnaíonn an scéal (má insíonn siad an scéal - tá go leor acu nach bhfuil in ann aige), beidh orthu déileáil leis na daoine ceannann céanna ag gabháil comhbhróin leo. Léirigh Richard Boyd Barrett an pointe seo go tréan nuair a labhair sé ar a thaithí féin air seo.

Nó is féidir le daoine imeacht trasna go Sasana chun ginmhilleadh a fháil i dtír eile. Deireadh a chur leis an tromluí agus an scéal doleigheasta.  Má tá an t-airgead acu. Má tá na hacmhainní acu.

Níor chuala mé oiread is guth amháin a d'easaontaigh leis an choincheap taobh thiar de seo ar maidin. Chuala mé Fianna Fáil ag aontú le Clare Daly ach nach raibh siad féin i gceannas ar an Roinn Sláinte le blianta fada agus gan faic déanta acu?

Chuala mé Fine Gael - Olivia Mitchell - ag aontú le Clare Daly ach ag rá go raibh sí meallta ina cur chuige agus gur ghá an t-ochtú leasú a tharraingt siar is a chealú - ach, ar ndóigh,  nach ndéanfadh Fine Gael é sin an taobh seo de thoghchán ginearálta.

Chuala mé Sinn Féin ag rá go mbeadh cainteanna acu faoi chainteanna agus cúpla coiste  - b'fhéidir - le bunú, le labhairt air seo, amach anseo.

Chuala mé an Lucht Oibre (ní raibh mórán acu sa seomra ar chor ar bith - faitíos orthu roimh a gcuid dualgaisí neamhiomlánaithe?) ag iarraidh a rá le Clare Daly nach raibh sí ag tabhairt faoi chúrsaí an dóigh ceart ar chor ar bith. Ach níl siad féin ag tabhairt faoi na cúrsaí seo ar chor ar bith ar dhóigh ar bith ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

Cé tá fágtha? Na neamhspleáigh? Labhair Catherine Murphy go maith. Labhair an Páirtí Sóisialach (Ruth Coppinger) ag tacú le Clare Daly.

Sheas Leo V, an tAire Sláinte ag deireadh agus rinne sé firmhíniú do Chlare ar an easpa tuisceana a bhí aici ar chúrsaí bunreachta. Tch, tch, tch. Sheas Clare Daly agus thug sí léasadh teanga dó nach raibh sé ag súil leis. Maith an rud dó nach bhfuil siad sa toghcheantar céanna.

Ach mar gur Teach Dála neamhspleách atá ag tabhairt an Bhille chun cinn ní dócha go vótálfar isteach é Dé Máirt seo chugainn. Is cosúil go bhfuil an reifreann ar aois an Uachtaráin níos práinní ná gach tuismitheoir croíbhriste a chaithfeas tabhairt orthu féin cinneadh trom de shaghas amháin nó de shaghas eile sna cásanna seo. Ach tá rud amháin cinnte - beidh go leor daoine ag cuimhniú ar na lámha a níodh inniu sa seomra dála.

Idir an dá linn, beidh lucht TFMR ag triall ar Shasana. Ach beidh cead againn Uachtarán óg bheith againn. 

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.