Sunday 15 February 2015

Turas Amháin?

m'áit dhúchais - sular rugadh mé!

Chuir Mise Áine ceist orm - cathain ar athraigh tú teideal an bhlag ó Thuras Ailse go Turas Amháin? Freagra - roinnt seachtainí ó shin. Bhí sí i bhfad ró-mhúinte leis an cheist a chur - Cén Fáth? Nó Cad Chuige?

Nuair a thosaigh mé an blag seo bhí mé gafa leis an chóir leighis don ailse a tháinig orm. Líonann an ailse do shaol, le coinní le dochtúirí, le comhairleoirí, le chaemo agus radaiteiripe agus teiripe cógaisíochta. Ansin tagann na hiarmhíreanna den ailse isteach ina dhiaidh sin - cóir leighis chun ailsí eile a sheachaint. Drugaí nó dul faoi scian eile. Leanann an saol leis ach bíonn cúlra na hailse péinteáilte thart ort gach áit.





Éiríonn tú cleachtaithe leis. Agus go háirithe, i mo chás-sa, tá an lámhainne limfeadéime agam, Bíonn síorchuimhniú ann go raibh tréimhse i mo shaol go raibh mé i ndrochdhóigh. Beidh mé ag freasta ar fhisiteiripe an chuid eile de mo shaol. Bíonn daoine ag breathnú air agus ag fiafraí cad chuige í, Nó gan aon cheist a chur in aon chor, nó ag cúlú uaim píosa beag. An sceon a chuireann an focal 'Ailse' ar dhaoine le feiceáil sna súile acu.

Bhí athbhreithniú bliantúil agam i mí Eanáir. M'iníon a mhínigh domh, 'a Mham, taimid chomh cleachtaithe leis an ailse sa teach seo. Chuir X scáirt gutháin nuair a bhí tú amuigh agus dúirt mé go raibh tú ar shiúl fá choinne mamagraim. D'éirigh sí iontach tógtha, fiú gur mhínigh mé di gur reviú a bhí ann.' Agus tháinig X thart an oíche sin le seiceail, ar ndóigh. Agus an teach seo ag déileáil leis mar a bheadh cuairt fiaclóra ann.

Cósta del Dún

Ar ndóigh, tagann rudaí aniar aduaidh orm anois is arís a bhaineann an t-anáil asam agus a chuireann i gcuimhne domh gur beo beathach i m'ainnoin atá mé:
Comhghleacaí oibre a fuair bás ag an Nollaig, mar shampla. Chuaigh sí tríd an rud céanna liom féin ag an am céanna ag an aois chéanna.
An ailse craicinn a thug mé faoi deara bliain ó shin agus a fuair mé gearrtha amach. Craiceann breá Gaelach faoi sholas na gréine i gContae an Dúin i m'óige a ba chúis leis. Chuir muid ola ar ár gcraiceann an t-am sin lena dhó agus a dhonnú níos gaiste...
Nuair a shleamhnaíonn focail as m'intinn i lár ranga mar gheall ar chaemo-intinn.
Nuair a mholann daoine post nó jab atá ag gabháil, ag déanamh go bhfuil me ar ais ar mo shean-leim mar go bhfuil cuma na sláinte orm, gan a thuigbheáil go bhfuil fuinneamh teoranta agam i ndiaidh radaiteiripe, fiú na blianta fada seo ina diaidh.

Beidh na rudaí sin ann go deo, ach ní líonann siad mo shaol anois. Tá spás i mo shaol anois le bheith beo. Muna bhfuil mé ag dul ag clubbáil, níl mé ag luí faoin fhód ach an oiread. Tá rotha mór an tsaoil ag iompú leis agus mé ar an turas leis. Turas amháin. Go fóill.

5 comments:

  1. Go raibh súp le baint as an dturas agat!

    ReplyDelete
  2. @ Tá spás i mo shaol anois

    Áthas an tsaoil ormsa, a chara, go bhfuair tú spás i do shaol domsa..:-)

    Go maire tú an céad!

    ReplyDelete
  3. lúcháir orm go bhfuil tú ar ais ar do sheanléim, a Áine.

    ReplyDelete
  4. Is breá liom an teideal nua!

    ReplyDelete
  5. @ Seanléim

    Mé féin agus mo sheanléim ag cur aithne ar a chéile arís, gan dabht, a chara...ó lá go lá, mar is eol duit..:-)

    @ teideal nua

    Aontaím, a Lawrence!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.