Monday 27 April 2015

Ardú meanma

Beano agus Sparky
Tá cúpla duine sa teach  a bhfuil ardú meanma de dhíth orainn. An t-am deireanach go raibh smaointe deimhnitheacha de dhíth, d'uchtaigh muid madadh ón phóna síos an bóthar. Sparky. 'Heinz' a bhí i Sparky, 'Sé sin, níorbh eol cé mhéad cine a bhí istigh ann. 57? Ar a laghad. Bhí sé cuthaíl go maith nuair a tháinig sé chugainn mar gheall ar an drochíde a fuair sé ón úinéir a bhí aige go deireanach, ach le himeacht ama d'éirigh sé ceanúil agus muiníneach. Nuair a d'uchtaigh muid an dara madadh, Beano, le cuideachta a sholáthar dó fhad is a bheimis féin taobh amuigh den teach, réitigh an bheirt acu go mór lena chéile agus chruthaigh siad gean agus gáire sa teach.
Mar iarmhír air sin, shíl mé ar feadh i bhfad gur in ómós do choimicí a ainmníodh na madaidh. Ach is cosúil gur in ómós do 'South Park' a chinn mo mhac ar 'Sparky' i dtús báire.

Le linn a n-ama linn d'ardaigh siad meanma agus croíthe sa bhaile anseo. Theagasc siad freagracht do na daoine óga agus foighid do na daoine móra! Nuair a bhí mé ag gabháil trí chaemo, níor mhór dúinn teach eile a aimsiú don bheirt mar gheall ar mo chóras imdhíonachta bheith imithe go tóin poill ó thaobh na gcillíní bána de. Fágadh an teach an-chiúin, an-uaigneach  ina ndiaidh ach ní raibh an dara suí ann.

Faoi láthair tá ardú meanma de dhíth arís. Ach ní raibh mé sásta smaoineamh ar pheata eile a thógáil go cionn blianta fada de mo shaol. Beidh an mhuintir óg bogtha amach roimh i bhfad (tá súil agam!) agus ní bheadh sé féaráilte ar mhadadh - nó cúpla madadh, fiú - bheith i dteach uaigneach dá mbeinn féin amuigh ar feadh i bhfad i rith an lae.

Rith smaoineamh liom, mar sin. In ait madadh a 'uchtáil', is féidir iad a thógáil 'ar altramas'. Fanann siad leat go dtí go bhfaighidh siad baile buan le húinéir nua. Bhí mé chun cur síos ar an dá mhadadh a thóg mé ó phóna DSCPA Dé Luain, Casper agus Teddy. Ach tá Teddy ag gabháil  chuig clann nua cheana!

Casper ar fáil go fóill, má tá suim ag éinne ann. Tá sé ciúin, múinte, ceanúil. Agus glan, má thuigeann tú mé. B'fhearr é a lonnú in áit le madaidh eile, ná éiríonn sé uaigneach san oíche . Faoi láthair tá sé ag gabháil a luí le m'iníon, ach ní fheilfeadh nós mar seo do go leor teaghlach, tá mé ag meas. Táimid sásta ligint dó i láthair na huaire mar gheall ar a stair. D'imigh na daoine ar leis é, thar lear nó chuig baile eile nó chuig teach/árasán eile. Agus d'fhág siad an créatúr faoi ghlas san árasán a d'fhág siad,

Casper

An-chraic sa teach arís againn, ach gan an bhuairt go bhfágfar uaigneach iad amach anseo, mar na hainmhithe. Is mise an té a bheas uaigneach!


























6 comments:

  1. Hmm. Ní réitíonn madraí ná cait linne (fiabhras léana an toradh) ach is maith liom an coincheap atá á chuir i gcrích agaibh!

    ReplyDelete
  2. tá ag éirí leis an phlean, is dóigh liom. Ar ndóigh, a Aonghuis, tá daoine ann agus úsáideann siad capaill... Ach tá an gairdín s'againne rud beag ró-bheag dá leithéid! An créatúirín (an madadh) ag éirí níos dalba de réir an lae, agus ar fáil go fóill d'éinne gur mhaith leo ainmhí ina saol ar bhonn seasamhach.

    ReplyDelete
  3. Thréig na húinéirí an mada ina ndiaidh ina n-iar-árasán? Nach coir í sin? Iontach cruálach.

    ReplyDelete
  4. thréig. Agus is coir í.Níl a fhios agam ar gabhadh iad nó nár gabhadh ach an ceart agat, tá sé cruálach amach is amach. Tá sé ag teacht chuige féin agus á lonnú mar rí beag ar an teach de réir a chéile. Ach tá mé ag cuartú baile buan dó go fóill!!!

    ReplyDelete
  5. Croí mór fial agat, a Réaltán... maith thú, a chailín!

    ReplyDelete
  6. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.