Wednesday 6 May 2015

Cártaí ionbhá

http://emilymcdowell.com/collections/empathy-cards/products/i-didnt-know-what-to-say-empathy-card


Daoine a tháinig tríd ailse nó drochthinneas eile, nó atá ag dul tríd i lathair na huaire, tuigfidh siad an méid thuas. Tá raon nua cártaí amuigh le ceannach ar líne agus chomh  luath is a léigh mé na manaí orthu d'aithin mé duine a thuig an diabhail rud, mar thinneas.  An ceann thuas, mar shampla, simplí, gonta. Seans go mbeadh cúpla duine eile ar ais i mo shaol dá mbeadh cárta mar sin ar fáil acu lena rá 'Yeah. Sorry. Bhí scanradh orm. D'imigh mé.' Ní náire ar bith é sin ach bíonn an 'sorry' de dhíth.

D'aithin mé duine eile a chas ar dhaoine ar an tsráid nó i dtithe eile a bhí - agus atá go fóill - ag iarraidh inse domh faoina máthair mhór, nó a n-aintín, nó a gcara a fuair bás ón ailse.


http://emilymcdowell.com/collections/empathy-cards/products/died-of-lemons-empathy-card



An comhairleoir a ndeachaigh mé chuici a bhris amach ag caoineadh agus a tháinig chuig an chéad sheisiún eile le lán glaice ábhair ón idirlíon mar gheall ar leigheasanna nádúrtha.

http://emilymcdowell.com/products/treatment-on-the-internet-empathy-card

An mhana is ansa le lucht creidimh nuair a tharlaíonn drochtharlúintí sa saol, agus ceann de na cinn is measa cur suas leis go múinte -

http://emilymcdowell.com/collections/empathy-cards/products/everything-happens-for-a-reason-card

Agus ar ndóigh, bhí mé ag fanacht chomh fada sin ar mo 'cruise' gur thosaigh mé blag.

http://emilymcdowell.com/collections/empathy-cards/products/your-illness-is-not-a-journey-empathy-card


Déanann na cártaí seo mar a deireann siad. Níl siad ag déanamh comhbhróin leat, níl siad ag caint anuas ort, níl siad maoithneach, níl siad amscaí.
Mar a dúirt cinnín Óir faoin bhrachán ag Babaí Béar - 'blasta!' An rud atá de dhíth anois ná déantúsóir cártaí a chuirfeas Gaeilge orthu...


3 comments:

  1. Ana dheas! Is cineál fál cosanta ag daoine na nathanna sean chaite le dul i ngleic leis an bhfolús a fhágann easpa friotal orthu. Fuighle fáis.

    ReplyDelete
  2. Ag foghlaim liom, a Réaltán.. :-)

    ReplyDelete
  3. Ag foghlaim liom, a Réaltán.. :-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.