Monday 11 May 2015

Catadra


súile chihuaha
D'imigh Casper, Madadh na nIontas, ar ais chuig an DSCPA inniu. Chaith sé trí sheachtain linn, ag ardú meanma agus ag éirí níos muiníní i mbun an tsaoil arís. Thóg muid Casper ar altramas ón DSPCA nuair a fágadh faoi ghlas in árasán folamh é, ag an mhuintir ar leis é i dtús ama.

Bhí sé neirbhíseach agus ag iarraidh cuideachta i gcónaí. Tá, go fóill, agus mholfainn d'éinne a bhfuil madadh acu cheana smaoineamh ar é a thógáil. É sin nó bí réidh don chréatúr tosú a chaoineadh i lár na hoíche leis an uaigneas. Ba ghnách liom dul síos staighre agus an nuachtán a léamh ar feadh tamaill go dtí go dtiocfadh sé chuige féin, agus ansin dul suas staghre arís nuair a bheadh sé socair. Ach bhí sé go breá san oíche nuair a bhí an madadh eile againn - sular uchtaíodh é siúd.


Tuítí Lacha bocht

Cuirim Catadra air mar gur chosúla le cat é na le madra. Is breá leis suí taobh leat ar an tolg. Is breá leis luí faoin ghrian - taobh istigh, sa chistin, ar ndóigh, chan taobh amuigh. Codlaíonn sé cuid mhór.

Tá sé an-tugtha d'anraith bailedhéanta agus do ghlasraí. Tá spraoi ann anois, rud nach raibh ag an tús. Bíonn an-spórt aige le liathróidí agus bréagáin eile de gach saghas.

Tá sé imithe uainn i ndiaidh a thrí sheachtain a chaitheamh linn, ag fanacht ar theaghlach buan anois. DSPCA. Casper. Leath Chihuahua, leath Bichon Frise. Iomlán galánta.

ócé, a mham, ta an lacha marbh. lón anois?

2 comments:

Note: only a member of this blog may post a comment.