Sunday, 14 June 2015

An Leabhar Nimhe

http://www.amazon.co.uk/exec/obidos/ASIN/1782010599/evertype-21

Nuair a bhí mé i mo thachrán d'inis mo mháthair scéalta dúinn faoin bhean sí, faoin phúca, faoi na síógaí agus faoi thaibhsí. Nuair a bhí mé i mo ruaiseog chuir mé an-chuid spéise i leabhair scéalta sí agus scéalta faoi neacha osnádúrtha ó thíortha eile, Nuair a bhí mé i mo dhéagóir chuir mé suim san fhantasaíocht agus san fhicsean eolaíochta.

Léigh mé H. P. Lovecraft i mBéarla an t-am sin, agus thaitin a scéalta gotacha, dorcha liom. Níl déagóirí an lae inniu chomh héagsúil uainne, ar ndóigh, agus muid óg, lena gcuid scéalta is scannán faoi vaimpírí agus Cluichí Ocrais agus zombaithe.

Ní raibh a fhios agam, áfach, gur cheap Lovecraft a fhriotal féin go dtí gur léigh mé faoi sa leabhar seo, 'An Leabhar Nimhe',  le Panu Petteri Höglund. Ainneoin is gur Mheiriceánach de chuid na fichiú haoise é  Lovecraft (rugadh sa bhliain 1890 é), chleacht sé stíl agus friotal litríocht Shasana ón ochtú haois déag. I mo dhéagóir domh, roimh laethe Google agus theicneolaíocht  éasca an eolais mar atá againn inniu, shíl mé gur seanduine é a bhí i bhfad níos sine ná mar a bhí dlite dó. Níor thuig mé nach de ghlún Dickens agus an tSeabhaic é, ach glún Fitzgerald agus Uí Conaire.

Gné eile den genre seo ná rudaí a cheilt ach a lua go himeallach, chun cur leis an teannas. Tá neart de seo sa leabhar seo, ar nós scannáin Hammer a lig don intinn an obair uilig a chur i gcrích le sceon a ardú inár gcroithe seachas físmhaisíocht na linne seo i leithéidí 'From Dusk till Dawn''El Laberinto del Fauno' 

Gné eile den cheird a chleacht sé ná an ceo osnádúrtha a tharraingt anuas ar a thimpeallacht logánta féin, de réir Höglund ina intreoir. Luann Höglund go leor áiteacha i nÉirinn agus san Fhionnlainn síos trína chuid scéalta féin sa leabhar seo, agus déantar an nuamhiotas a lonnú i stair sheanbhunaithe na háite.

Bhí eagla ar Lovecraft roimh na Fionnlannaigh, de réir Vicipéid. Íorónach go leor, mar sin, gur Fionnlannach atá ag tabhairt faoina stíl agus a fhís a athchumadh. Ach ag leanstan i dtraidisiún Lovecraft, tá sé ag lonnú a chuid scéalta idir thimpeallacht na Fionnlainne agus na hÉireann. Déanann sé tagairtí don dá thír sin, agus do pholaitíocht agus do mhiotaseolaíocht na Fionnlainne go háirithe.

Chuir sé iontas orm an scil a d'úsáid Höglund le friotal cumtha, cíortha Lovecraft a shealbhú agus a aistriú go Gaeilge - rud atá tagtha i dtír sa leabhar seo, dar liom. Nuair a thugaimid sa chuntas gur trí theanga a bhíonn idir lámha anseo ag an aistritheoir - a theanga dhúchais (an Fhionnlainnis), an Bearla agus an Ghaeilge, tuigimid go bhfuil cúrsaí teanga ag rith go smior intinne Höglund.

Tá ceithre scéal le Höglund, ann, scéalta gearra. Is anseo a fheicimid teanga agus cultúr na nGael á bhfí tríd an Fhionnlainn. Rud nach bhfeictear go minic.

H. P. Lovecraft

Sa chéad scéal, 'Cuitiliú', ceanglaíonn Hoglund miotaseolaíocht agus seanlitríocht na hÉireann le miotaseolaíocht 'nuachumtha' ag Lovecraft é féin dá chuid scéalta féin. Chuirfeadh an scéal seo thú sa tóir ar mhiotais na Fionnlainne cibé ar bith, dar liom, agus ag treabhadh isteach ina gcultúrsa. Chuaigh mé a ghúgláil nuair a bhí sé seo léite agam - agus lena linn.

I 'Scairt na Réalta', tá an scéal bunaithe i nÉirinn - luaitear Baile Átha Cliath, Tír Eoghain agus Muigh Eo sa scéal.Tá an stíl an-mheasta ó thaobh Lovecraft de, agus rachadh an scéal i gcomórtas le cláir uafáis Hammer - nó Roald Dahl.

In 'An Leabhar Nimhe', athraíonn an suíomh ó Éirinn go dtí an Fhionnlainn go gasta agus go Gotach - le G Mór. Cuireann an scéal seo cúpla ceann as 'Den scoth' le Fergus Ó Néill  i gcuimhne domh, lena chlisteacht agus t-osréalachas.

Tá 'Paapana' mar an gcéanna ach go bhfuil sé comhaimseartha linn féin - tá cor agus casadh sa scéal, Ach tá an scéal seo ar an cheann is lú cosúlachta le Lovecraft, dar liom. Ach is scéal é a sheasann leis féin mar scéal nua, ainneoin is nach bhfuil mé cinnte faoin chonclúid. Tá barraíocht aicsin istigh ann i gcompráid le stíl Lovecraft- rud a thaitníonn le daoine an lae inniu, rud a thaitin liom féin. Tá an chaint níos nádúrtha sa cheann seo chomh maith ná caint sheanaimseartha stíl Lovecraft. Ní Lovecraftais atá ann. Höglundais, b'fhéidir?



Istigh i lár báire, neadaithe idir na scéalta gearra, tá gearrscéal fada le S. Albert Kivinen, 'Péist an Mheánoíche in Ikaalinen'. An tOllamh a bhíodh ag Höglund atá ann, measaim, ná deir Höglund ar chlúdach an leabhair gur 'ceannródaí an Lovecraftais san Fhionnlainn' é. Cinnte, is é seo an scéal is fearr a dhéanann aithris ar stíl Lovecraft, ó thaobh luas agus atmaisféar de. Agus is aistriúchán ón Fhionnlainnis é, glacaim leis, chan ionann is na scéalta eile. Tá an scéal seo mall, cruthaíonn sé atmaisféar agus tá sé gotach amach is amach.
Ranntar an scéal seo i gcúig chaibidil, agus struchtúr Lovecraftach síos tríd.
Intreoir fada, mall le leideanna anseo is ansiúd faoi osnádúrthacht le teacht.
Ina dhiaidh sin, fianaise againn go bhfuil asarlaíocht - gníomhaíochtaí osnádúrtha bainteach le focail dhraíochta - ag titim amach.
Sa tríú caibidil téann na laochra sa tóir ar an drochrud. Tá sé spéisiúil chomh maith cleas seanfhaiseanta litir  - 'N'  - bheith ann in áit ainm dhuine sa scéal - seanchleachtadh níos sine ná Lovecraft, agus ar ndóigh, Kivinen. Is anseo chomh maith a tugadh comhthéacs polaitiúil na Fionnlainne - gardaí dearga -  agus rinneadh tagairt d'éagsúlacht teanga.
Sa cheathrú caibidil, tá forbairt ar na laochra laochrúla. Ach ag leanstan stíl Lovecraft, tá easpa comhra - caint dhíreach - sa scéal. Is insint seachas léiriú atá ann, a mhalairt de stíl an lae inniu. Tá easpa forbartha ar na carachtair i gcomparáid le stíl ár linne ach arís is pastiche ar stíl áirithe atá i gceist anseo, agus déantar go maith é.
Sa chúigiú chaibidil tagaimid ar ais chuig an téama seo fá fhocail bheith draíochtúil iontu féin.

An teist atá agam ar leabhar ar bith i lathair na huaire, nó an mbainfidh sé amach thar an ghuthán cliste ar an bhus domh. Míneoidh mé. Tá turas measartha fada agam isteach chuig an bhaile mhór agus amach arís. Sula bhfuair mé an fón cliste bhí leabhar i mo mhála agam i gcónaí, leis an am a mheilt go pléisiúrtha. Ó fuair mé an fón cliste, áfach, tá Twitter agus na nuachtáin ar líne do mo mhealladh i rith an ama. Má tá leabhar (cóip crua) chomh mealltach sin is go mbaineann sé thar na rudaí beaga digiteacha i mo láimh, tá sé maith.

Tá an ceann seo maith.


Nóta: Cuireann Aonghus ar m'eolas mé. Ní Fionnlainnis a bhí i gceist anseo, ar ndóigh, mionmhionteanga na tíre seo, ná fiú Rúisis, ach le Sualainnis a tógadh Panu. Gabh mo leithscéal, a Phanu! Rinne mé dearmad go bhfuil cúrsaí teangan níos casta agaibhse ná mar atá againn féin.

No comments:

Post a Comment