Sunday 21 June 2015

Fadgies



Tá siopa ceoil Walton imithe ó Chearnóg Pharnell. Ceann d'institiúidí beaga Átha Cliath ón seanchathair. Thaithigh mé an áit le mo chlann féin le huirlisí ceoil a cheannach - a gcéad fheadóg stáin, giotár, bosca ceoil. Tá bialann ina áit anois, bialann an-dea-mhaisithe.

Thug mé faoi deara roinnt de na sean-earraí ar an bhalla, ó Shiopa Walton. Thug siad siar go dtí institiúid de chuid m'óige féin i mBéal Feirste, Smithfield, margadh seanbhunaithe.




B'ansin a bhí gach rud le ceannach ar phraghas íseal. Pianó, leabhar dara láimhe -  moncaí, fiú.





Thug na ceirníní siar mé go dtí an ceantar sin - an áit a bhfuil Castlecourt air inniu - ainm níos galánta ná páirc na ngabhann, ar ndóigh. Bhí siopa ag uncail liom ann, siopa seodóra a dhíol trófaithe agus boinn chomh maith, agus armas clainne fosta. Ghnothaigh mé pingneachaí ag obair istigh sa siopa sin Satharn amháin le caitheamh ar cheirníní sna siopaí eile maguaird an Satharn dar gcionn. Ar cheirníní agus leabhair.

Tommy Lennon i rith na dTrioblóidí, sa tóir ar chustaiméirí.

Bhí stair eile ag an cheantar, ar ndóigh, ceann a ríomh Fionntán de Brún go maith. Bhí mé ag inse do pháistí ranga i mBaile Átha Cliath faoi na Fadgies le blianta fada. Muintir a tháinig go Béal Feirste ó Ó Méith Mara sa naoú haois déag, a lonnaigh i gceantar  na ngabhann, a labhair Gaeilge eadarthu féin, ar tugadh Fadgies orthu as a nós bheith ag gairm 'a Phaidí', 'a Pháidí' ar a chéile.

Níl Fadgies fágtha againn sa lá atá inniu ann, ná páirc na ngabhann, ná siopaí Lennon ná Walton féin. Ach ar a laghad tá cúpla ceirnín againn ar bhalla i mBaile Átha Cliath.






1 comment:

  1. is deas an smaoineamh é, ceirnín a chrochadh. gleoite

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.