Friday 21 August 2015

Wiffy agus Fuinneoga 10




Thréig mé lucht an Ocht-Aon
Agus blaosc mo mhéin
Thréig mise an méid sin
Mar gheall ort, a Dheich
Mar i ndúil go mbeinn 's tú, 'chéadsearc
Maidin chiúin sheoigh
Is sinn ag éisteacht le dord wiffy
Ár sealbháin deas Fuinneoige


(leagan níos traidisiúnta ar http://www.celticlyricscorner.net/fhearraigh/ainnir.htm )

Rinne mé Fuinneoga 10 a shuiteáil ar an ríomhaire glúine cúpla lá ó shin. Bhí na fógraí ar mo scáileán mar gheall ar a fheabhas is a bhí an leagan nua don ríomhaire mealltach, plámásach. Agus bhí sé saor in aisce go cionn tamaill. Faraor géar nach raibh ann ach bréaga lofa. Nach mise an óinseach a ghéill do na geallúintí geala! Chomh luath is a d'athraigh mé an córas ó 8.1 go 10, d'imigh an wiffy ar an toirt. Rinne mé gach cleas dá raibh agam lena fháil ar ais - rinne mé gach aischur, gach athshocrú, gach díbirt is a bhí me in ann aige. Bhain mé iarracht 10 a dhíbirt ach ní ligfeadh sé domh, trí aischur, fiú. 
An lá dar gcionn bhí go leor le déanamh agam agus gan am le spáráil ag caitheamh mionnaí móra leis an mheaisín a thuilleadh. Thóg mé síos chuig an siopa deisithe é agus thosaigh an cheistiú a dhéanann fear óg le bean mheánaosta agus meaisín i gceist.

'Ar bhain tú triail as é a mhúchadh is a lasadh arís?' 'Bhain.'
'Seans nach bhfuil an wiffy sa teach ag obair i gceart?' 'Tá.'
'An bhfuil tú cinnte?' 'Gach duine eile sa teach in ann teacht ar an bleedin' wiffy.'
'An cód - ' 'Níor athraigh muid an cód. Tá an wiffy sa teach i gceart, a dúirt mé.'
'Taispeánfaidh mé duit conas an cuibheoir wiffy a athchóiriú - ' ' 'Déanta cheana.'
'Cinnte?' 'Míle uair.'
'Tá rud ann darb ainm aischur - ' 'Déanta.'
Bhí mé ag cailleadh an block ag an phointe seo, Níorbh é na ceisteanna ach an dearcadh - is bean thú, ag aois áirithe, ní bheidh faic ar eolas agat. Ach d'fhág mé an meaisín leis agus d'imigh mé. Bhí rudaí le déanamh agus ní raibh an t-am agam dul i ngleic le fadhb a d'fhéadfadh seisean a réiteach níos gaiste ná mé féin. A
Tháinig mé ar ais agus bhí aoibh ar aghaidh an fhir óig. Thóg sé mo chuid airgid, thug sé mo ríomhaire ar ais domh.
'Gach rud i gceart anois. Rinne muid íoslóideail ar thiománaí gléis don wiffy.'
D'amharc mé ar an leathanach Yahoo a bhí ar oscailt aige agus d'aontaigh mé go raibh sé ag ceangal leis an wiffy sa siopa. D'íoc mé é agus thóg mé an gléas abhaile. 
Ach nuair a  bhain mé an baile amach, bhí an fhadhb chéanna agam. Gan teacht ar aon wiffy, fiú wiffy na gcomharsan. Bhí an fón póca i gceart, bhí ríomhaire m'iníne i gceart.
Chuir mé scáirt orthu.
'Gabh síos agus taispeánfaidh mé duit conas an cuibheoir a athshocrú.' 'Rinne muid é seo cheana.'
'Bhal ... níl muid cinnte, tá go leor daoine ag teacht isteach le fadhbanna éagsúla le Fuinneoga 10...'
'?'
'... ach buail isteach chugainn agus tabharfaimid spléachadh eile air...'
Shuigh mé síos leis an ghuthán póca agus chuartaigh mé 'fadhbhanna' agus 'Windows 10'. Tháinig mé ar an suíomh seo leis an chóras a dhíshuiteáil agus do sheanleagan a chur ar ais. Bhí gach rud sábháilte agam cibe ar bith, agus ní raibh an t-am agam cúpla lá eile a thabhairt don fhear óg a labhair liom mar a bheinn in aois leanbaí cheana féin.
Et voilà. 10 mbomaite, díreach mar a gheall an suíomh. Ar ais chuig Fuinneoga 8.1 agus fiú an blaosc do 8.1 a chuireann i gcéill dom gur Fuinneoga 7 é. Agus mo wiffy.

Aonghus a chuir lomfhírinne an scéil i gcuimhne domh ...








4 comments:

  1. Grma, a Réaltáin.
    Bhí mé díreach tosnaithe ar an rud céanna a dhéanamh le Fuinneoga 7 ach tháinig do scéal in am agus shábhail tú turas fillte 50 míle go Stornoway agus £40 (€57) orm.
    Tapadh leibh, a Réaltáin agus do bhlog,
    Seán
    Seán F. Ó Drisceoil
    7 Tabost, 
    Na Lochan, 
    Oileán Leodhais

    ReplyDelete
    Replies
    1. is maith sin, a Sheáin. Chuala mé scéalta eile ó shin - is fearr fanacht tamall, is leir! Bheadh do shiopa-sa i Stornoway ag streachailt agus ag fútarail leis an mheaisín chomh maith!

      Delete
  2. @ an cheistiú a dhéanann fear óg le bean mheánaosta agus meaisín i gceist.

    Cuireann a leithéidí an bhean mheánaosta seo soir! Molaim d'fhoighne, a chara..:-)

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.