Saturday 19 September 2015

Íoc linn



Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid ann ar chor ar bith, mar Blog Awards Ireland, go dtí gur scairt Raidió na Life orm cúpla bliain ó shin. Bhí mo bhlag ar an ghearrliosta, a dúirt siad, ar mhaith liom cúpla focal a rá mar gheall ar an bhlag? Wúhú, cinnte agus fáilte.

Níor bhain mé duais na roinne sin - Blaganna Gaeilge - an bhliain sin. Fuair mé cuireadh chuig bronnadh na ngradam, áfach - ar phraghas ticéid - ach ní raibh an dáta feiliúnach agus níor cheannaigh mé ticéad don dinnéar galánta.

Bhain Grá faoi Ghruaim an bhliain sin. Ach ní raibh an nasc chuige ar an suíomh Blog Awards Ireland beo. Bhain Smaointe Fánacha Aonghusa  bliain eile. Déarfainn go raibh duais tuillte ag  duine amháin nó duine eile de na blagadóirí pearsanta, deonacha a choinníonn próifíl na Gaeilge beo ar an idirlíon - Mise Áine, Mise Ciara, An Croí Ait, Nimill, iGaeilge, An Codú, An Cnagaire, Hilary NY, Rann na nGág ... agus eile.

Tá sé le braithstin i mbliana go bhfuil maoiniú curtha ar fáil ag Foras na Gaeilge do Blog Awards Ireland.
Ach má fheiceann tú ar an fhadliosta de na blaganna ar fad sna ranna éagsúla inniu, beidh le feiceáil nach bhfuil ann ach 3 bhlag ainmnithe i roinn na mblaganna Gaeilge.
Agus má fheiceann tú ar an ghearrliosta beidh le feiceáil go bhfuil spás bán i rannóg na mblaganna Gaeilge - agus fógra -

'Sponsored by Foras na Gaeilge... To be announced....'

Tá súil agam nár íoc Foras na Gaeilge móran leo go dtí seo. É sin nó ba mhaith liom mo chuid airgid ar ais, dá mba rud é gur mise a bhí ag i gceannas ar chuntaisí an Fhorais....

Bhí an t-am ann go raibh duais Oireachtais ann do bhlaganna. Tarraingníodh siar é ach seans gurbh fhearr don Fhoras a gcuid airgid a chur isteach in urraíocht mar sin, in áit an t-airgead a thabhairt do chomhlacht nach bhfuil sásta duais a bhronnadh ar chor ar bith. Nó an bhfuil Blog Awards Ireland ag fanacht ar an bhlagadóir a bhain an gradam i mbliana ticéad a cheannach don dinnear galánta sula gcuirfidh siad seoladh an bhlag in airde ar an suíomh?



Addendum 22/09/15   mmm.... deir Rámhaille liom go bhfuil athrú ar chúrsaí -  tá gearrliostáil déanta ... http://www.blogawardsireland.com/portfolio/best-irish-language-blog/

comhghairdeas do na blagadóirí - idir deonacha agus maoinithe - mar  a leanas -


1 comment:

  1. Más rud go mbraitheann rannpháirtíocht sa chomórtas ar cheannach ticéid, ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceart.

    Ní thuigim céard atá ag tarlú anseo, a Réaltán, ach tá rud éigin cearr, shílfeá...comharthacht an focal a ritheann liom, bíodh mé ceart nó mícheart.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.