Friday 13 November 2015

Dul chun cinn








Bhí mé istigh san ospidéal Dé Chéadaoin. Thug siad na drugaí domh, na cinn deasa.Thug siad rabhadh domh ag gabháil abhaile domh - ná tiomáin, ná hól alcól, ná sínigh aon rud tabhachtach. Ar ndóigh, sílim gur cheart rabhadh eile bheith ann sa lá atá inniu ann - ná cuir aon rud amach ar mheán leictreonach a mbeidh aiféala ort fá dtaobh de nuair a bheas tú stuama arís.

Seo an dara huair istigh le cúpla mí anuas gur thug siad na drugaí deasa domh. Fágann an cheamo a rian ar an chorp. Ach sin an saol - agus  caithfear gabháil i ngleic leis.

Bhí rud amháin athruithe ó bhí mé istigh ón uair dheiridh, áfach, agus is mé féin a d'athraigh é. Chuir siad crios beag dearg thart ar an lámh leis an limféidéime. Séard a bhí sé ag rá le lucht an ospidéil ná 'Ná bain leis! Ná cuir cufa brú fola air seo! Ná sáigh biorán ná instealladh ná aon rud eile isteach san fheoil seo!'



An fáth? Nuair a bhí mé istigh i Meán Fómhair, mhúscail mé agus bhí cufa brú fola ar an láimh. Stróc mé uaim é agus iontas an domhain ar an altra.
'Limfeidéime,' a dúirt mé léi. ' Tá sé sna nótaí. Cuir an cufa ar an chos.'
Rud a rinne sí, gan focal aisti. Faoin am seo bhí an lámh ataithe agus ní rachadh an lámhainne orm ag gabháil abhaile domh. Dúirt mé leis na banaltraí é ach ar ndóigh ní raibh duine ar bith ag teacht trasna lena phlé liom. Nuair a tháinig an dochtúir chugam, bhí mé leath i mo chodladh go fóill ach fios maith agam go raibh an bhanaltra ag hoveráil ag gualainn an dochtúra go neirbhíseach.
'Fág go fóill é,' a dúirt mé liom féin, 'beidh lá eile ag an bPaorach agus tá an Paorach seo ard go maith ar na drugaí...deasa...seo...'
Mar a deirim, nuair atá na drugaí istigh, bíonn an chiall amuigh.

Cibé ar bith, phléigh mé é leis an dochtúir nuair a bhí athbhreithiú á dhéanamh. Sé seachtaine ina dhaidh sin. Bhí mé deas múinte leis, ach thaispeáin mé dó an lámh a bhí - atá go fóill - ataithe thar mar is gnách. Rinne sé nóta de láithreach. Dúirt mé leis nach leithscéal ná lochtú a bhí uaim ach athrú. Tá gach dóchas (dóchas??) agam go mbeidh mé isteach agus amach as an ospidéal céanna sna blianta romhainn. Bhí protacal uaim le nach dtarlódh sé arís.

Et voilà. Crios beag dearg Dé Chéadaoin. Jab déanta.

Ní hé go raibh mé ag súil le córas bheith i bhfeidhm acu chomh gasta sin. Bhí 'lymphodema...no cuffs.... no needles...' scríofa suas síos an géag agam le dúch dubh. Simplí. D'oibir sé leis an histeareachtóime, d'oibreodh sé arís...

2 comments:

  1. Nuair atá na nithe ciallmhara 'simplí' mar sin in easnamh, a Réaltán, ní nach ionadh go bhfuil an córas sna hospidéil bun os cionn!

    ReplyDelete
  2. Nuair atá na nithe ciallmhara 'simplí' mar sin in easnamh, a Réaltán, ní nach ionadh go bhfuil an córas sna hospidéil bun os cionn!

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.