Saturday 14 November 2015

Na Cúig C-anna Móra do Mhná

http://www.rte.ie/rnag/blathnaid-libh/

Ní C Mór amháin ach cúig cinn a mbíonn gá ag mná dul i ngleic leo. Bháist mé FACIC orthu inniu, ag caint le Bláthnaid Ní Chofaigh agus Róise Goan ar maidin: féinmhuinín, airgead, cúram páistí, iarrthóirí agus cultúr. Ach faoi dheifir a rinne mé sin, agus anois tá athrú intinne tagtha orm.

Na Cúig C-anna Móra do Mhná:

1
C = Cúrsaí Chúraim: páistí, tuismitheoirí, daoine ar mhíchumas de shaghas amháin nó de shaghas eile. In am do na fir (uilig) luí isteach ar an obair.

2
C = Cúrsaí Airgid: neamhspleáchas airgid. Lánstad.

3
C = Cúrsaí Muiníne: cothú féinmhuiníne i gcomhthéacsanna nua agus i ngach comhthéacs

4
C = Cuóta: táimid ag caint ar chúrsaí a athrú le fada go leor. Tá mé liath leis an aois anois, bhí mé óg, neamhroicneach nuair a thosaigh mé ag caint air seo...

5
C = Cultúr: an C is mó. Caisleáin nua le tógáil...

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.