Friday 22 January 2016

Fuil de dhíth



Chonaic mé póstáil ar Twitter a raibh mé in ann a thuigbheáil go rímhaith. Bhí duine ag gabháil faoi chóir leighis don ailse agus bhí fuil de dhíth uirthi trí huaire ar na mallaibh. Fuair mé féin cúpla aistriú fola le linn chaemo mé féin.

Tá easpa fola ann faoi láthair, agus de réir mar a thuigim baineann sé leis na tuilte a bhí againn ó bhí an Nollaig ann. Ní raibh lucht deonaithe fola in ann fáil isteach chuig na clinicí mar is gnáth.

Chuaigh mé féin isteach roinnt mhaith blianta ó shin le fuil a dheonú sa Saorstát, sna Críocha NeamhGhafa, sna Fiche Sé Contaethe, mar ba ghnách liom a dhéanamh ó thuaidh. Ach ní raibh siad sásta aon fhuil a ghlacadh uaim. Mar go raibh mé píosa fada - rugadh agus tógadh mé - sa Daorstát, sna Sé Contaethe, sna Críocha Gafa, ní raibh mé incháilithe chun fuil a dheonú. Bhí faitíos orthu go mbeadh rian de Ghalar na Bó Mire ann agus go mbeinn á tharchur go daoine eile tríd an fhuil.



Galar Creutzfeldt-Jakob ina chúis imní go fóill agus níl cead agam daoine eile a chur i mbaol á thógáil. Níl cead ag mo pháistí ach an oiread, mar gur chónáigh siad  ó thuaidh ar feadh bliana le linn an tréimhse a chuireann imní ar dhaoine: 1980-1986. Tháinig m'iníon lánfhásta abhaile ó Ghaillimh ag an deireadh seachtaine roinnt blianta ó shin, pus uirthi, mar go ndeachaigh sí síos chuig an ócáid dheonú fola sa choláiste, ach chuir siad ó dhoras í. Táimid smálaithe ag na Críocha Gafa agus na ba bochta.







 An cheist a choinníonn muid ó dhoras ná:

Have you spent one year or more in total/cumulatively in the UK between 1980 and 1996, including living, working or on holidays?

Mar sin, a dhaoine uaisle, tá siad i gcruachás. Tá fuil de dhíth. Gabh i dteagmháil má éiríonn leat teacht slán tríd an cheisneoir ANSEO.

2 comments:

  1. Tá mé féin sa chrut céanna. Ba ghnách liom fuil a thabhairt faoi dhó gach bliain nuair a hí mé i mo chónaí i nDoire ach anois níl cead agam. Tá siad i bhfadh ró-dhian. Agus níl cead ag fir aeracha fuil a thabhairt ach an oiread, de réir mar a thuigim.

    ReplyDelete
  2. Ní déarfainn go bhfuil siad ró-dhuan, díreach ag géillstin don eagla roimh dlí bheith surtha orthu. Faraor.

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.