Wednesday, 9 March 2016

Fáilte Uí Dhálaigh

Na scríbhneoirí agus an tArdMhéara, Críona Ní Dhálaigh
Bhí an chéad Lá Idirnáisiúnta na mBan i nGaeilge i dTeach an ArdMhéara aréir. Tharla sé mar go bhfuil ardmhéara againn faoi láthair gur bean í a bhfuil a croí istigh i gcur chun cinn na mban, agus gur bean í a bhfuil a croí istigh sa teanga lenar tógadh í - an Ghaeilge.

 Chuir mé aithne ar Chríona blianta fada ó shin. Bhí mé féin ag obair taobh thiar de bheár Chlub an Chonartha san íoslach ag Conradh na Gaeilge ag an am, bhí sí féin ar an  taobh eile den chúntar. Bhí a hathair - Seán Ó Dálaigh - fear lách, séimh - ar an choiste den chlub agus bhí an-bhaint agam leis siúd i reachtáil an bheáir.

Chuaigh Críona leis an pholaitíocht ó shin, mar a rinne go leor daoine a sheas ar an taobh eile den chúntar sin: mo chéile féin (yes, a dhaoine uaisle, tosaíonn an gean is an grá sa Chlub...), Aonghus Ó Snodaigh, Gay Mitchell (a tháinig chuig an Chlub lena chuid Gaeilge a chleachtadh). Bhí Catherine Ardagh ar ranganna ann ar na mallaibh - coinnigh súil uirthi siúd. Buaileann Joe Higgins isteach anois is arís.

Nuair a bhuail mé le Críona roimh an Nollaig, mar sin, ag oíche siamsaíochta i dTeach an ArdMhéara, tháinig an comhrá thart chuig Lá Idirnáisiúnta na mBan. Bíonn smacht cuid mhór ag na hArdMhéaraí ar cén ócáid a chuirtear isteach sa Teach le linn a dtréimhse ardmhéarachta, agus d'iarr mé ar Chríona an raibh rud ar bith beartaithe aici do 8 Márta, Lá Idirnáisiúnta na mBan. Ní raibh aon rud sa dialann go fóill aici. Ach bhí sí ag iarraidh rud éigin bheith ann. 'Ar mhaith leat a reachtáil, a Réaltán?' Cinnte. No probs. Beart déanta. Gaeilge agus mná in aon phacáiste amháin. Maith thú, a ArdMhéara!

ag déanamh réidh don ócáid
Agus d'iarr mé ar mhná de chuid Aontas na Scríbhneoirí an mbeadh spéis acu ann. Thoiligh siad - fiú nuair nach raibh pingin rua i gceist mar tháille na hoíche. Daoine a bhfuil gradaim bainte acu agus cáil orthu - leithéidí Éilís Ní Dhuibhne, Áine Ní Ghlinn, Celia de Fréine. Scríbhneoir Cónaitheach DCU/Colaiste Naomh Pádraig, Anna Heussaf. Údair le taithí i séanraí éagsúla - Áine Ní Mhaoldomhnaigh O'Driscoll, Siún Ní Dhuinn, Éilís Ní Anluain.

'Failte Uí Dhálaigh' a chuir mé ar an oíche mar sin. Dúirt daoine - go leor daoine - gurbh fhearr domh gan é sin a dhéanamh mar gheall ar thoghchán ginearálta bheith san aer. Is le Sinn Féin í Críona. Bíonn craoltóirí cúramach faoi na Sinnéirí, na Finnéirí, na Fiannadóirí agus ha hEileadóirí a choinneáil cothrom lena chéile ó thaobh am craoltóireachta de - rud atá deacair nuair atá an oiread sin Gaeilgeoirí ag páirtí amháin. Chaill muid amach ar go leor poiblíochta mar gheall air sin. Is mór an trua ná níor bhain an oíche le páirtithe ach le siamsaíocht agus le ceiliúradh.

Bean a' tí - Áine Durkin
Is bean í agus is Gael í Críona ar dtús, i m'intinn féin agus in intinn aon duine a bhfuil aithne acu uirthi. Chuir sí an-fháilte romhainn. D'oscail sí na doirse agus a croí agus bhí an-oíche againn. Mar a fheiceann sibh ón ghrianghraf thuas, bhí Bean a' Tí ar a sáimhín só sa pharlús roimh an ócáid féin.
Críona Ní Dhálaigh agus na mná
Bhí lúcháir orm mna óga a fheiceáil - is iomaí ócáid Gaeilge nach mbíonn éinne faoi caoga bliain d'aois le feiceáil. Is cúis dóchais domh chomh maith guthanna óga láidre bheith ann.

Léadh, itheadh, óladh, rinneadh cabaireacht. Éisteadh le Fionn agus Michael ag gabháil ceoil. Mo bhuíochas le gach fear a bhí i láthair, le gach bean a tháinig chuig an ócáid. An chéad cheann de shraith, tá súil agam - ag brath ar thoil an chéad ArdMhéara eile, ar ndóigh!



No comments:

Post a Comment