Tuesday 19 April 2016

Oldehove


Chuir Áine Durkin suntas sa teach a bhí ag titim le fána sa ghaineamh anseo  an lá eile...

Fadó in Ljouwert agus is fada ó bhí, ní raibh ach dhá chnocán ann agus uisce idir an dá chnocán. Thóg na feirmeoirí canálacha agus díoganna agus rinne siad baile bunaithe idir an dá chnoc.

Tá túr acu darb Oldehove i lár na cathrach, tógtha ar cheann de na cnoic seo. Bhí eaglais mhór mhílteach pleanáilte acu, ach de réir mar a thóg siad an chéad phíosa den eaglais, thosaigh sé a thitim isteach sa talamh ar thaobh amháin. Stop siad den tógáil.
Oldehove, Ljouwert

Oldehove, Ljouwert
Anois téann turasóirí agus daltaí scoile in airde ar an túr chun radharc a fháil ar an chathair agus ar an cheantar maguaird.

Thóg mé an chéad phictiúr Dé Sathairn. Bhí sé ag cur de dhíon is de dheora an lá sin ach chinn mé fáil amach as an teach ar feadh píosa agus siúl faoin fhearthainn. Is beag duine eile a bhí ar an tsráid.
Shiúil mé chuig páirc taobh thiar den Oldehove agus bhí iarsmalann ar oscailt, in onóir dealbhóra darb ainm Pier Pander. 


Ní raibh duine ná deoraí ann ach mé féin agus bean a' tí. Nuair a bhí mé réidh san iarsmalann, thairg sí cupán caife dom as an chistin aici féin san áit. An-deas!


Nuair a bhí an caife ólta agam bhí an fhearthainn maolaithe, agus bhí mé in ann siúl chomh fada le teampall beag - baois, i ndáiríre, agus amharc ar chúpla dealbh eile. Léiriú ar an spiorad daonna, is cosúil, agus an-chumhachtach lá gréine. Ach ní lá gréine a bhí anseo, agus bhí sé tirim taobh istigh.

Tá sé iontach deacair Ollainnis ná Freaslainnis a fhoghlaim anseo, ná labhrann achan duine Béarla liom chomh luath is a osclaím mo bhéal. Bhí fear amháin anseo ag maíomh go mbeadh an domhain ar fad ag caint Béarla roimh i bhfad. Ní raibh sé buartha, ní raibh sé tógtha. Bhí sé fealsúnach.



Tá leabhar gramadaí Freaslainnise agam a cheannaigh mé ó shiopa AFUK ach glacann siad leis go dtuigeann tú Ollainnis cheana agus tá cuid mhór de na bunrudaí (domhsa) ar iarraidh. Ach tchífimid. Beidh mé in ann Beowulf a léamh gan an ghluais NuaBhéarla go fóill!


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.