Sunday 17 April 2016

Marrum - Taoide


Bhí lá mór acu i Marrum inniu - tháinig dhá bhus ag an am céanna - dhá thionscnamh Eorpacha le chéile in aon lá amháin: Tosta agus Focail Eile. Bhí ceol agus filíocht agus ealaíon ann ar feadh an tráthnóna.

Marr + um = Baile Marr. Baile beag bídeach a ndearna na daoine a bhfuair mé síob amach ann iontas go raibh siopa nua Co-op ann - ní raibh faic ann roimhe. Tá an baile buailte leis an díog a choinníonn an Mhuir Thuaidh amach ón tír, ón talamh a ndearna na daoine thart air athshealbhú ón tsáile air le míle bliain anuas, orlach ar orlach. Tá míle bliain coimhlinte leis an nádúr sa chré faoi do chosa.



Thug siad 'Tij, Taoide, Tide' ar an ócáid. Nuair a fheiceann tú an díog a ritheann idir tú agus an fharraige don chéad uair, ina líne gan stad, tuigeann tú gur focal an-tábhachtach é sa Fhreaslainn!

Nuala Ní Fhlathúin
Bhí an lá...Frysk. Freaslainneach. Difriúil. Bhí saotharlann oscailte á reachtáil ag Nuala Ní Fhlathúin, ag athshealbhú focal ón chéad fhoclóir Freaslainnise ariamh, mar mheafar ar an bhaint idir bheith ag athghabháil talúin ón taoide agus ag athshealbhú mionteanga ón domhain mhór.
díog agus focal
Bhí ceoltóirí ann, le hamhráin nua-chumtha sa Fhreaslainnis...


No. Níl a fhios agam cad chuige a raibh na héadaí sin orthu. Ná meaisín toite acu.

tús an phictiúir

lár
Bhí ceoltóirí a chum ceol ar an ardán ansin féin - 'improv', agus ealaíontóirí taobh thiar daofa a phéinteáil dreach farraige is spéire ar an bhalla taobh thiar daofa, ag éisteacht leis an cheol. Ceann thuas nuair a thosaigh an péinteáil, íomhá thíos nuair a chríochnaigh siad é.

deireadh
 Bhí mé ag caitheamh mo chóta bréidín  - ní amháin mar chomhartha Éireannach ach mar go raibh sé fuar - agus suaitheantas 1916 de chuid Chumann na mBan air a cheannaigh mé sa chultúrlann don turas - turasóireacht bunoscionn, más mian leat. Bhí bean ann a chuir suntas sa tsuaitheantas agus nuair a mhínigh mé gur comóradh céid a bhí ann, dúirt sí, 'Oh, the post office.' Sin é. Go beacht. Oifig an Phoist. Ina dhiaidh sin tá éiginnteacht faoi cad is neamhspleáchas ann, ar ndóigh. Bhí daoine ag plé Brexit liom, mar gur cuid de Shasana muid ina n-intinn féin. Chonaic mé an mearbhall ag teacht orthu nuair a mhínigh mé go mbeadh sé deacair orainne bheith fágtha go fisiciúil agus go heacnamaíoch idir Breatain Bhrexiteáilte agus an chuid eile den Aontas Eorpach. Ach bhí siad ró-mhúinte le soiléiriú a chuartú ar eagla gur chuir siad féin isteach orm roimhe sin.

Cinnte, in amanna shíl mé go raibh mé i gcuideachta Zebedee agus Dougal. Bhí ceol, péinteáil, saotharlann agus plé ag tarlú san aon áit amháin ag an aon am amháin. Agus meaisín toite ag balcadh cibé rud a bhalcann sé. Ach bhí an lá taitneamhach. Tá muintir na Freaslainne fáiltiúil.Agus thaitin an duilisc go mór leo a thug mé liom ó Bhéal Feirste - bhí siad an-tógtha go deo leis. Nóta: éinne a bhfuil suim acu duilisc a dhíol leis an Isiltír, tá margadh ann ....

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.