Bain sult as do shainteanga féin - tá sé níos milse i bhFreaslainnis.
Fíor den Frí Tál.
|
Láthair na hoíche - an Koepeltheater - séipéal |
Bhí mé ag léamh cúpla dán i nGaeilge ag ceiliúradh teangacha uile na Freaslainne oíche hAoine seo caite. Thug Janna Van Der Meer, file Freaslannach, cuireadh domh. Bhí sí á reachtáil mar chuid de Ljouwert/Leeuwarden bheith ina cathair cultúrtha sa bhliain 2018.
|
Janna van der Meer |
Bhí daoine le teangacha éagsúla na Freaslainne ag aithris píosaí -
dánta agus eile - ag ceol, agus ag caint ar ealaín le linn na hoíche. Ní amháin teangacha éagsúla ach canúintí éagsúla. Liwarders, mar shampla, a labhraíonn siad i Ljouwert - meascán idir ollainis agus freaslainnis,
Bildts, a labhraíonn siad ar an talamh 'nua' idir an seandíog atá míle bliain d'aois agus an díog nua, atá cúpla céad bliain d'aois. Meascán é seo idir ollainnis agus freaslainnis ach
nach bhfuil díreach ar nós Liwarders. Agus eile. Gaeilge ina measc, an oíche áirithe seo.
Seanséipéal Cailvíneach is ea é an Koepeltheater. Úsáidtear mar shéipéal i gcónaí é, ach bíonn imeachtaí sóisialta ar siúl ann chomh maith.
Bhí oíche phléisiúrtha ann, agus sóláistí. An ealaín ata le feiceáil sna piceanna thuas, is le
Reindeer van der Leest é.
No comments:
Post a Comment
Note: only a member of this blog may post a comment.