Friday 27 May 2016

Schiphol

Tá mé ar mo bhealach abhaile. Sa deireadh. Seacht seachtainí de chónaitheacht scríbhneoireachta sa Fhreaslainn san Ísiltír.

Sa deireadh. Cad chuige a deirimse é sin? Mar nach raibh an lucht eagraithe sa Fhreaslainn eagruithe. Agus is mise, an scríbhneoir a thaisteal agus a rinne atheagrú ar a saol ar feadh an tréimhse sin atá thíos leis. Chan iad féin. Tá siad ag iarraidh aischothú anois, chun rudaí a éascú don chéad scríbhneoir eile. Seo é:

Lonnaítear an scríbhneoir in áit éigin gur féidir léi Freaslainnis a chluinstin. Áit nach bhfuil an Ollainnis in uachtar.

Ná tugtar cuireadh do scríbhneoir an saol a chur as a riocht ar feadh dhá mhí gan iarracht a dhéanamh fáilte ceart a chur roimpi, in áit í a dumpáil in árasán agus a fhágáil ansin ar feadh trí sheachtaine léi féin. Sa dóigh is nach rachaidh sí abhaile ar feadh tréimhse le haghaidh briseadh beag agus teagmháil daonna agus comhrá le daoine.

Cuirtear an scríbhneoir sin in aithne do dhaoine eile sa phobal teanga, is cuma an bhfuil sibh mór leo nó nach bhfuil. Is cuma an aontaíonn sibh leo nó nach n-aontaíonn. Ná fág í mar a bheadh bean rialta faoi ghlas inti i gclochar druidte ar feadh an ama. Bíonn comhluadar agus corrdheoch istoíche ó scríbhneoirí chomh maith le cách. Ní ar scáth Netflix a mhaireann na scríbhneoirí...

Má dhéanann sibh socrú leis an scríbhneoir ócáid nó cruinniú bheith agaibh léi, ná cuirtear an ócáid ar ceal mar go bhfuil an aimsir go maith, nó mar go bhfuil an aimsir go holc. Agus ná cuir an ócáid ar ceal gan a inse di...

Ná himígí libh agus í a fhágáil gan chuideachta gan chomhluadar ar feadh an tréimhse. Seiceáil isteach anois is arís. Go gníomhach. Is strainséar í i dtír choimhthíoch. Tabhair aire do d'aoi.

Má eagraíonn sibh go ndéanfaidh sí freastal ar ócáid, ba dheas an ócáid sin bheith dírithe ar an Fhreaslainnis, chan ar an Ollainnis. Níl mé á rá go dtuigfidh sí an difir, ach bheadh sé deas an sprioctheanga a bheith thart ar an scríbhneoir.

N.B. Tuigtear go bhfuil sé seo dírithe ar an eagraíocht Fhreaslannach. Ní raibh páirt dá laghad sa phraiseach seo ag an eagraíocht anseo in Éirinn. Beidh scríbhneoir Slóvéineach ag teacht chugainn in Éirinn an mhí seo chugainn. Cuirimis fáilte roimpi - fearadh na fáilte!

Casadh daoine deasa orm sa Fhreaslainn - de thaisme. Nó, in ainneoin Tresoar, in áit de bharr Tresoar. Mór an trua go raibh an tréimhse seo chomh trína chéile agus bunoscionn. Sin é an t-aischothú is gonta. Mór an trua, ócáid imithe le fána.





2 comments:

  1. Conas is féidir linn fáilte a chuir roimh bean na Slóivéine? Cá mbeidh sí lonnaithe?

    ReplyDelete
  2. Fáilte abhaile, a chroí.

    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.