Friday 1 July 2016

Lón anama ón Chailleach

 (pic le cead Anam Cara)
Bíonn briseadh de dhíth orainn anois is arís. Bhí briseadh de dhíth orm díreach anois agus fuair mé an rud a bhí uaim - seachtain in Ionad Scríbhneoireachta Anam Cara ar Cheann Béara.
 (pic le cead Anam Cara)
Chuir mé iarratas isteach ar sparántacht a bhí ag Áras Scríbhneoirí na hÉireann ag tús na bliana seo, agus fuair mé scéal go raibh seachtain ag fanacht orm ar Bhéara. Tá mé díreach i ndiaidh an tseachtain sin a chur díom anois féin. Tá mé lánchinnte anois go bhfuil an Chailleach beo beathaíoch istigh ina blaosc cloiche, ag freastal ar a muintir go fóill. Bhain mé an oiread sásaimh as mo thréimhse i mBéara gur cinnte go mbeidh mé ag pilleadh arís.
An Chailleach

fágann daoine comharthaí dea-mhéine ar an Chailleach, ag súil go gcomhlíontar a mian.

Bhí an Chailleach go maith dom. I ndiaidh an phracáis a rinne na Freaslannaigh den tréimhse a bhí le cur isteach agam leo siúd ní raibh a fhios agam an maith nó olc a bhí ag fanacht liom, ach faoin am seo, ag deireadh mo thréimhse ar Bhéara, tá níos mó oibre déanta agam taobh istigh den aon seachtain amháin ná a rinne mé taobh istigh de dhá mhí sa tír eile.
thuas sna cnoic ag Bellatrix
Ní hionann is a rá go raibh mé ag obair an t-am ar fad. Thug mé aghaidh ar na cnoic os cionn Dún Baoi agus fuair mé shiatsu iontach ó Rita. D'fhág an shiatsu leath i mo chodladh mé, ach mhúscail an dreach tíre fíorálainn arís mé ar mo bhealach síos, síos, síos an cnoc arís. Tá Dún Baoi thíos ag bun an chnoic, nó an méid atá fágtha de.
Ó Súilleabháin Béara agus a bhfuil fagtha dá chaisleán
Tá an áit ar maos le stair is le maorgacht is uaisleacht, mar is dual don Mhumhan. Tá na hiarsmaí de chaisleáin ann. Tá iarsmaí ársa go fúirseach san áit -
Cloch Oghaim Bhéal a' Chorraigh Bháin
liagchiorcal Shróin Bhearráin
Seancheárta...
... agus loirg dóite ón iarann dearg a bhí ag an ghabha
an cat ar an seanséipéal ag Cill Chaitiairn ...
agus tobar beannaithe sa chill, a cheanglaíonn an séipéal leis an phágántacht roime
an seanardaitheoir a thug mianadóirí síos aníos ag tochailt fá choinne copair ar Na hAilichí

Agus bíodh is nach iarsma é - tá siad ag tógáil teampaill úrnua - tá Ionad Budach Dzogchen Béara ar bharr na haille ag amharc amach ar an Atlantach Fiáin. Bhí 'lá bog, buíochas le Dia' ann nuair a bhuail mé suas chucu le haghaidh cupán tae, agus ag tiomáint tríd na cnoic is na carraigeacha is an cheo mhothaigh mé go raibh mé ag glacadh páirte i scannán Síneach Kung Fu. Bhí mé ag fanacht ar David Carradine siúl amach as an cheo chuig an áit ...

radharc ón ionad Budach
Beidh mé ar ais chuig Béara ...

3 comments:

  1. Suimiúil, mar is iondúil...go raibh maith agat, a Réaltán! Áit álainn, is léir...

    ReplyDelete
  2. Treise leat agus an díomá Freaslannach curtha díot!


    Fearn

    ReplyDelete

Note: only a member of this blog may post a comment.