Friday 7 October 2016

Bearna agus bochtanú


Tá cúraimí a thógann daoine orthu féin as cion agus grá do dhaoine eile. Níonn siad cuid éadaí an ndaoine eile, in amanna déanann siad smúdáil ar na héadaí céanna, fiú. Déanann siad cócaireacht, hooveráil, glanadh is ní, déanann siad daoine a thionlacan ar scoil agus ar ranganna iarscoile, Siopadóireacht. Teachtaireachtaí den uile chineál.

 Bíonn roinnt acu ag obair ar son airgid chomh maith, lasmuigh de na cúraimí seo. Dochtúirí, múinteoirí, rúnaithe, cuntasóirí, agus dlíodóirí; innealltóirí, gardaí, glantóirí agus polaiteoirí. 
Roinnt acu seo, meastar go ndéanann siad 4 uair a' chloig oibre den obair dheonach seo sa teach sa mhullach ar a ndualgaisí 'íoctha' gach seachtain. Cuirimis 'fir' orthu siúd. 
Roinnt eile, déanann siad 26 uair a' chloig den obair dheonach seo nuair a shroicheann siad baile amach. 'Mná' a chuirtear orthu seo.

De réir ama, trí shaol na n-oibrithe 'íoctha' seo, tá sé suntasach go n-éiríonn bearna sna tuarastail don dá 'inscne' seo. Titeann ioncam na mban agus a bpinsean ag deireadh lae ar gcúl cuid mhór. I ndeireadh na dála, mar gheall ar na cúraimí neamhíoctha i rith a saoil, déantar neamart ar mhná i gcúrsaí fostaíochta, ardú céime san áireamh. Glacaimis go bhfuil bean agus fear ag obair ar feadh a saoil taobh le chéile, ag tosú amach ar an leibhéal céanna leis na cáilíochtaí céanna. Faoi dheireadh an tsaoil oibre sin, beidh 86 cent ag an bhean d'achan euro a ghnothaíonn an fear. Agus pinsean níos lú. Sin an bhearna pá. 86 faoin chéad. Luach seacht seachtainí oibre i ngach bliain.  Bochtanú agus bearna.

In amanna fanann na daoine seo - na 'mná' seo - fanann siad amach ón mhargadh oibre ar fad ar fad i ndiaidh páistí a bheith acu. Mar nach bhfuil go leor measa orthu le go ndéanfar an obair a roinnt - go reachtúil, ós rud é nach bhfuil an cineál eile sin, na 'fir', ag cromadh isteach a ndothain le difir suntasach a chur i gcrích. Níl siad siúd san áireamh sna figiúirí seo fiú - níl i gceist anseo ach mná a oibríonn ar son airgid.

Mar nach bhfuil fostóirí ná fir sásta an roinnt ama/maoine seo a thógáil ar bord, is dócha go mbeidh reachtaíocht de dhíth chun an cultúr bochtanaithe seo a athrú.

É sin nó stopfaidh mná de pháistí a thabhairt ar an tsaol. Agus sula ndéantar gáire faoi sin, bígí ag smaoineamh ar an líon clainne i dteaghlaigh ár sinsear. Agus an líon clainne atá inar gclanna féin. Agus go bhfuil sé inmholta ag bean fanacht go raibh sí go maith sna tríochaidí sula n-éiríonn sí torrach lena chéad pháiste leis an bochtanú seo a mhaolú. 

Bhí mé san Isiltír ar feadh dhá mhí ar na mallaibh. Thug mé faoi deara nár casadh duine ar bith orm a bhí ag obair (ar son pá) go lánaimseartha. Mná agus fir. Oiread agus duine. Ar ndóigh, is stát saibhir é. Tá tacaíochtaí stáit ann i gcúrsaí sláinte agus eile nach bhfuil in Éirinn, a dhéanann an saol  níos compordaí agus a éascaíonn sábháilteacht ioncaim agus nuálaíocht shóisialta. Ach ní tír bhocht í Éire ach oiread. 

Réabhlóid de dhíth. Ceann eile. Tá liosta de na pointí suntasacha gur cheart do bhean a thógáil ar bord ANSEO má tá sé ar intinn aici bheith ag obair (ar son airgid) agus páistí a thabhairt ar an tsaol amach anseo. Tá siad ídéalach go maith, roinnt acu. Ach níl sé chomh fada sin ó bhí cosc ar mhná pósta bheith ag saothrú airgid ar chor ar bith sa seirbhís phoiblí. Bímis dána. Fágaimis marc inár ndiaidh.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.