Ag taighdiú bearna pá na n-inscní domh, tháinig mé ar an seicliosta praicticiúil, chéad-domhanda seo (thíos). Moltaí do mhná atá ag iarraidh an bhearna pá idir na hinscní a sheachaint:
Pointí le cur san áireamh má chinneann tú, mar bhean, go bhfuil obair íoctha tabhachtach i do shaol laethúil agus tuarastal de réir uaire ard inmholta:
- Impleachtaí oideachais: roghnaigh oideachas tríú leibhéil i ndiadh scagadh a dhéanamh ar éileimh agus ag meas an mhargaidh sna blianta atá le theacht
- Oideachas d'ardchaighdeán - faigh na píosaí páipéir
- Aimsigh earnáil a íocann go leor (sin cúram páistí amach as an áireamh...) agus ina bhful féidireachtaí páirt-aimseartha (a íocann go maith) ar fáil
- Scileanna leathana - roghnaigh slí bheatha ina mbeidh tú in ann na scileanna a aistriú ó phost amháin go post eile más gá
- Aimsigh páirtnéir a thacaíonn leat i do roghanna oibre agus cúraim.
- Aimsigh páirtnéir a bheas lánsásta comhoibriú leat le cúraimí an tsaoil sa teach agus sa teaghlach
- Tosaigh in obair pháirt-aimseartha agus ná tóg am saor amach uaidh
- Roghnaigh comhlacht mhór a chuireann creche ar fáil
- Roghnaigh comhlacht gar do do theach féin, rud a éascós cúrsaí taistil agus a chuideoidh leis an chothromú idir do shaol fostaíochta agus do shaol baile
- Pléigh do thuarastal le d'fhostóir ag gach céim nua de do shlí bheatha
- Labhair faoi do shlí bheatha go rialta le do mhuintir. Tá do shlí bheatha tabhachtach.
- Lean leat ag foghlaim i rith do shlí bheatha chun scileanna nua a ghlacadh ar bord.
- Coinnigh súil ar do phinsean.
Stopaigí den gháire - nó b'é sin gol?
Ochón ó...:-(
ReplyDeleteChaithfeá bheith ag gáire nó bheifeá ag caoineadh..:-)