Tuesday 8 November 2016

i bhFocail Eile...


Níos luaithe i mbliana chaith mé dhá mhí i dtuaisceart na hÍsiltíre, sa Fhreaslainn. Bhí mé ar scéim chónaitheacht scríbhneoireachta. Bá é an plean a bhí ann - dar liom -  ná an dá mhí a chaitheamh ag cur aithne ar scríbhneoirí thall ansin a bhí ag scríobh sa Fhreaslainnis agus ar an tír féin, scríbhneoireacht a dhéanamh mé féin, cairde nua a aimsiú, eolas a bhailiú faoi chultúr eile, faoi mhionteanga eile, faoi nósanna saoil eile.

Ní mar a shíltear bítear, ar ndóigh. Bhí cúpla rud ag teacht salach ar a chéile a chuidigh le bac a chur le m'iarrachtaí gréasán sóisialta agus oibre a fhorbairt le linn mo thréimhse ann. Tá mé i ndiaidh tréimhse a chur gan é sin a scríobh síos mar go mbíonn am de dhíth le rudaí a phróiseáil, nuair a tharlaíonn praiseach mar seo i do shaol. Rinne an eagraíocht ar an taobh Éireannach a seacht ndícheall tacú liom, ach níorbh iadsan na hóstaigh, agus ní raibh smacht acu ar na coinníollacha thall.
bhí an seomra go gleoite - ach bhí an teach uaigneach
Bhí an lóistín mí-oiriúnach ó thaobh aithne a chur ar dhaoine eile - seomra (seomra an-deas, caithfear a rá) i dteach mór mílteach... folamh. Gan leictreachas in airde staighre, gan daoine eile ar na gaoraibh, gan chuideachta.
Uaigneach. Uaigneach - oíche i ndiaidh oíche i ndiaidh oíche (níl cultúr an airneáil  ag na daoine seo). Bhí cúrsaí chomh holc sin gur joináil mé Netflix ...
Slauerhoff, file cáiliúil Ollainise as Vlieland
Ní bheadh an duine teagmhála thall in ann drabhlás a eagrú i ngrúdlann. Níor casadh duine chomh neamhéifeachtach sin orm le fada, fada an lá. Níor eagraigh sé cruinniú ar bith le scríbhneoirí eile. Níos minicí ná a mhalairt, chuir sé cruinnithe leis féin ar ceal. Cinnte, níor eagraigh sé aon léamh dom thall. An t-aon 'imeacht' a d'eagraigh sé ná mé a chur chuig oileán le labhairt le file pobail an oileáin sin. Ach ní Freaslainnis a labhair siad ar an oileán, Vlieland, agus ní i bhFreaslainnis a scríobh an file. Ach duine fíorfháiltiúil ab ea í - chan ionann agus lucht am mhórthír!

Chuaigh mé anonn lán dochais, lán smaointe, lán lúcháire. I ndiaidh seachtaine, thuig mé nach raibh rudaí i gceart. Ach ní ligfinn do na bligeaird thall mé a chloí. Chuir mé mo thréimhse isteach. Tchím go bhfuil bean óg thall ansin i láthair na huaire. Tá mé ag léamh a bhlag, agus tchím an patrún ceanann céanna ar siúl. Ag léamh idir na línte, tá an lóistín céanna aici (!!!), an easpa teagmhála céanna, an easpa flaithiúlachta céanna. An créatúr. Tá súil agam go gcasann sí ar dhaoine ar nós Lies agus Jannes a thabharfas cuireadh di suí agus labhairt leo ina dteach féin. Agus tearmann. Mar go n-aithníonn siad féin gur cultúr fuar feanntach é an cultúr Freaslannach.

Thosaigh mé ar scéal, scéal nach bhfuil críochnaithe go fóill. Beidh, lá éigin. Ach chan inniu.

Idir an dá linn tá scéal le tairiscint don suíomh idirlín don chúig thír atá sa scéim - Éireann, an Fhreaslainn, an Mhacadóin, an tSlóvéin, Tír na mBascach. Tá sé ar thaobh na láimhe deise ar an suíomh idirlín


Tuigim go bhfuil searbhas agus fearg san alt seo. Ach is mar sin a bhí. Bhí an tréimhse áirithe seo de mo shaol uaigneach agus gruama, agus gan chúis. Tuigim go bhfuil daoine sa Fhreaslainn atá fáiltiúil. Ach níor chas mé ar na daoine sin go dtí go raibh sé in am agam imeacht. Deis caillte, impreisean millte. Mór an trua. Ach tiocfaidh gearrscéal nó dhó amach as an tréimhse sin ... ina am féin!

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.