Thursday 17 November 2016

Táin Yoseba

Yoseba agus Elisa thuas staighre san amharclann 
Bhí léiriú drámatúil den Táin ar siúl i Smock Alley an tseachtain seo. Ceann Béarla, mó an trua, ach ceann a bhí measartha maith. Bhí ceoltóirí agus puipéadóireacht i measc an tslua léirithe, rud a chuir go mór leis an oíche.

Chuaigh Yoseba Peña agus a phairtnéar Elisa chuig an léiriú. Is é Yoseba an scríbhneoir Bascach atá abhus anseo leis an scéim litríochta Focail Eile. Bhí sé deacair acu gach rud a thuigbheáil, ar ndóigh, nó labhair na haisteoirí go gasta agus le blasanna éagsúla. Ach súil eile ar an chultúr litríochta anseo a bhí ann.



Bhí mo mhac le bheith liom ach tá sé ag mochéirí gach maidin an tseachtain seo le gabháil ag obair mar 'extra' sa sraith teilifíse 'The Vikings'. Is ainnoin a ruaidhe, is saighdiúr Sasanach  sa sraith. Rianta impireachta, gan trácht ar scáileanna tána... Bhí Yoseba agus Elisa an-tugtha go raibh sé ag obair ar an sraith. Is léir go bhfuil níos mó dúil ag daoine thar lear sa sraith mar atá abhus!

Mar sin de, tháinig Aonghus Ó hAlmhain linn leis an bhearna a líonadh, agus a líonadh go pléisiúrtha. Crúiscín pivo, schnitzel agus goulash  i dteach leanna an Czech Inn ina dhiaidh, comhrá,  agus bhí muid sásta.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.