Tuesday 24 January 2017

Lá Idirnáisiúnta na mBan 2017

Teach an ArdMhéara
8ú Márta 2017
Lá Idirnáisiúnta na mBan
Léamha is craic is ceol i dTeach an ArdMhéara, Sráid Dásain, Baile Átha Cliath 2
Gach eolas: realtan (ag) hotmail (ponc) com

Bean a' Tí

Scríbhneoir agus léachtóir í Áine Ní Ghlinn. 28 leabhar scríofa aici. Bronnadh Gradam Reics Carló, Leabhar na Bliana ar Hata Zú Mhamó (Cois Life) 2016 agus ar Daideo (Cois Life) 2014. Leabhar nua ar an mbealach ó An Gúm.

Na Scríbhneoirí

Biddy Jenkinson
Biddy Jenkinson, pic le Máire Uí Mhaicín
 Sláinte na bhfear is go maire na mná go deo! 

Ciara Ní É

Scríbhneoir í an Bleáchliathach seo  (ar Twitter ag @miseciara), a chumann filíocht, ailt, agus scéalta i mBéarla agus i nGaeilge. Ise a bhunaigh an oíche filíochta REIC. Tá blag aici, le nuacht, filíocht agus eile.

Lisa Nic an Bhreithimh

Oibríonn Lisa (ar Twitter ag @LisaNicanB) ar chúrsaí cumarsáide agus scoláireachta in Ollscoil na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Cuireann sí clár seachtainiúil i láthair ar Raidió na Life agus tugann sí faoin scríbhneoireacht fosta. Is ball í den ghrúpa 'Scríbhneoirí na Gaeilge' atá lonnaithe in Ionad Scríbhneoirí na hÉireann.


Katie McGreal 

(ar Twitter ag @KatieMcGreal) Iriseoir le Seachtain agus RaidióFáilte, múinteoir machnaimh/rinnfheithimh do dhaoine fásta agus daoine óga, agus scríbhneoir. Lonnaithe i mBéal Feirste. Suim aici i gcúrsaí feimineachais agus i mbun cainteanna ar chúrsaí feimineachais i mBéal Feirste. Stiúrthóir, grúpa scríbhneoireachta trasteorainn, lonnaithe i mBéal Feirste.


Áine Durkin

File,blagadóir,cumadóir amhrán. Bhain a blag duais Oireachtais in 2010. Gradaim bainte amach aici as a cuid amhrán nua-scríofa leis an Fhéile Pan Cheilteach agus le Raidió na Gaeltachta. Cnuasach filíochta, Mise Áine, le theacht amach i mbliana, 2017, le Cló Iar-Chonnacht.

Pauline Nic Chonaonaigh

File agus gearrscéalaí a bhfuil cónaí uirthi i gConamara. Bhain sí duais Oireachtais i 2016 i gComórtas na Scríbhneoirí Úra. Ag obair ar dhráma do dhaoine óga, An Bob nár Buaileadh.


Janneke Spoelstra
File Freaslannach a shaidhmeann an dúlra agus castacht an tsaoil le chéile. Chuaigh sí go Málta mar bhall de mheitheal filíochta mionteangacha. Oibríonn sí chomh maith mar aistritheoir agus taighdeoir  cúnta ag an Fryske Akademy.


Réaltán Ní Leannáin

Gearrscéalaí, file, blagadóir (ar Twitter ag @RealtanNiL). D'aistrigh sí dánta Janneke Spoelstra go Gaeilge. Chuir sí aithne ar Janneke le linn tréimhse cónaitheachta sa Fhreaslainn sa bhliain 2016, an chéad scríbhneoir Gaeilge le gabháil thar lear le tógra Focail Eile


Críona Ní Dhálaigh (@CllrNiDhalaigh) a chuir tús leis an fhéile seo anuraidh (2016). Bhí sí fial, flaithiúil mar ArdMhéara agus is mór an éacht atá déanta aici an féile seo a thosú. 
An tArdMhéara, Críona Ní Dhálaigh, thíos agus ar dheis, leis na scríbhneoirí anuraidh

San íomhá sin thuas chomh maith, tá Áine Ní Mhaoldomhnaigh-O'Driscoll (chun tosaigh, an dara bean ar chlé), nach maireann. Scaoilimis amach é ar an oíche, mar sin, ná cá bhfios cé mhéad againn a bhéarfar beo ar an chéad Lá Idirnáisiúnta na mBan eile i 2018?
Míle buíochas leis na scríbhneoirí eile a tháinig agus a léigh i 2016: Anna Heussaff, Éilís Ní Anluain, Éilís Ní Dhuibhne, Siún Ní Dhuinn, Celia de Fréine, Áine Ní Ghlinn, agus Bean a' Tí 2016, Áine Durkin.

Táimid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge as urraíocht a chur ar fáil dúinn. Bhí gach bean ar an chlár sásta a cuid ama a thabhairt saor in aisce, mar a bhí gach bean anuraidh. Bhí an file Freaslannach sásta theacht trasna ar eitleán ar a conlán féin, fiú! Ach is ceart go mbeadh aitheantas agus maoiniú ar fáil do na healaíona. Is mór linn go raibh an Foras in ann cuidiú linn i mbliana. 

Fionn Ó hAlmhain agus Hajime Takahashi a bheas ag gabhail ceoil ar an oíche (thíos)





No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.