Tuesday 14 February 2017

Málta, Déardaoin



Tá mé ar mo bhealach go Málta Déardaoin. Grian, rud beag níos teo ná anseo i nÉirinn. Caife amuigh ar an tsráid ar maidin, croissant nó dhó...

Ní laethe saoire atá ann, ach toraíocht taisce. Beidh mé ag déanamh taighde ar an saol a bhí ag mo mháthair mhór ann, céad bliain ó shin. Máltach a bhí inti.  Rinneadh cleamhnas di thall, mar a ba nós ag formhór na hEorpa ag an am. Réiteach gnó seachas grá, agus mé ag scríobh an Lá Vailintín seo. Ní hé go raibh airgead ag mo mháthair mhór ná ag m'athair mór, ach ní bhíodh guth ag an bhean sna cúrsaí seo.

Beidh mé ag castáil le gaolta i gcéin, le scríbhneoirí eile, agus le muintir na háite. Tá sé níos mó ná dhá scór bliain ó chas mé ar éinne a bhí gaolta liom, agus mé i mo ghirseach óg.  Tá na daoine móra a ndeachaigh mé anonn ar laethe saoire leo, agus na daoine móra thall ansin ar chas mé leo, tá siad uilig marbh anois. Slabhra briste le deisiú, mar sin.

Beidh mé ag caint le daoine eile arís, daoine a bhfuil cur amach acu ar shaol na ngnáthdhaoine i Málta ag an tréimhse sin. Beidh mé ag tabhairt cuairt ar an dánlann náisiúnta i Rabat, taobh le Mdina, an chathair chiúin. Beidh mé ag castáil le cúpla scoláire is le cúpla geabaire.

Agus mé ag scríobh ríomhphost le mo liosta teagmhálaithe a chomhlíonadh, tá oscailteacht agus flaithiúlacht na Máltach ag teacht tríd. Tá siad breá sásta labhairt leis an stráinséir ata ag cur teachtaireachtaí chucu, lánsásta daoine eile a mholadh mar fhoinse eolais - agus a ríomhphost a thabhairt! - agus eolas a roinnt.

Tugadh moladh domh teagmháil a dhéanamh le duine a bhfuil an sloinne 'Gatt' air, mar shampla. Bhí sé thar a bheith cuiditheach. Ach bhain a shloinne siar asam, ná bhíodh mo mháthair mhór ariamh mór le clann i mBéal Feirste darbh ainm 'Gatt'. Níor rith sé liom nach sloinne Éireannach a bhí ann, ach ag an am céanna bhí go leor Máltach a tháinig go Béal Feirste ag tús an chéid seo caite. Impireacht impireacht - bhí soghluaisteacht ann nach bhfuil ann sa lá ata inniu ann!

Beidh an chuid eile den mhí seo spéisiúil!

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.