Friday 3 March 2017

Glórtha Ban

Ní thagann bus amháin ar feadh i bhfad ach go dtagann dhá cheann ar ball - ag an am céanna.

Beidh léamh Gaeilge ann Dé Chéadaoin 8 Márta i dTeach an ArdMhéara do Lá Idirnáisiúnta na mBan. Sonraí ANSEO. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil arís le Críona Ní Dhálaigh, ArdMhéara Átha Cliath anuraidh, a d'éascaigh an chéad ócáid i 2016. Bhí roinnt de mhórscríbhneoirí na Gaeilge cruinnithe sa Seomra Darach anuraidh agus bhí oíche mhór againn.

Tá mé ar bís i mbliana mar beidh oíche eile againn. Beidh an file iomráiteach Biddy Jenkinson ansin ar an oíche. Ach chomh maith léi sin beidh mná óga i dtús a saoil scríbhneoireachta, agus scríbhneoirí úra - chan óga, ach 'úra'. Agus beidh roinnt filíochta Freaslainnise agus Euskera ann chomh maith, a bhuíochas le Focail Eile. Agus ceol na bhfear!

Tá mé fíorbhuíoch d'Fhoras na Gaeilge as urraíocht a chur ar fáil. Bhí gach scríbhneoir sásta bheith páirteach gan aon táille, ach tá aitheantas dlite ag gach bean acu agus is cóir urraíocht bheith ar fáil.

Fáilte romhaibh isteach. 7 go 10, Teach an ArdMhéara, Sráid Dásain, Baile Átha Cliath 2.

Agus cúpla lá ina dhiaidh sin beidh ócáid eile ar siúl in Ionad na Scríbhneoirí - teacht le chéile Women Aloud, an chéad cheann ag an ghrúpa seo i mBáile Átha Cliath. 11 Márta. Tá an grúpa thar a bheith tógtha faoi theacht agus lá a chaitheamh ag léamh is ag caint is ag comhrá.

Ní i mBéarla amháin a bheas na glórtha le cluinstin, ar ndóigh.  Beidh Katie McGreal agus mé féin ar phainéil chainte, agus beidh Celia de Fréine agus Éilís Ní Anluain ag léamh.
Celia de Fréine
Éilís Ní Anluain

Katie McGreal

Agus ag deireadh an lae beidh na glórtha uilig go léir ag scairtigh le chéile in ard a ngutha ar Chearnóg Pharnell, taobh amuigh d'Ionad na Scríbhneoirí - má bhíonn tú thart fán cheantar timpeall leath i ndiaidh a trí an tráthnóna Sathairn sin - bí linn.

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.