Tuesday 18 April 2017

Misneach agus lagmhisneach


Tá iníon agam. Ní páiste a thuilleadh í, is bean óg í i mbun a ceirde, ag saothrú a coda amuigh sa domhan mhór. Mar a tharlaíonn, is múinteoir í i nGaelCholáiste.

Ní hé gur bhrúigh mé an bealach sin í ach is mar sin a tharla. Chuaigh sí le hEalaín an chéad lá ariamh go raibh sí in ann críán a thógáil ina méirín, agus lean sí an tsuim sin aníos tríd na blianta scolaíochta.

D'aithin sí féin gur beag slí bheatha a bhí ann taobh istigh den réimse céanna a thabharfadh díon dá cuid féin di, ná arán laethúil di. Ach i ndiaidh cúpla bliain ag teagasc Béarla d'eachtrannaigh thar lear agus abhus, thuig sí go raibh bealach ann le freastal ar thrá an riachtanais airgeadais agus ar thrá a suime féin maraon. Chuaigh sí le múinteoireacht.

Ag léamh píosa inniu ar bhás na Gaeltachta, agus an t-éadóchas go smior ann, tugann leithéidí m'iníne misneach domh. Tugann leithéidí na Pop-up Gaeltachtaí misneach domh, go háirithe mar is daoine óga a bhíonn ag tarraingt orthu.
Ach bhí alt eile ann inniu a chuir lagmhisneach orm, faoin ospidéal nua mháithreachais atá le hoscailt i mBaile Átha Cliath. Tá ospidéal mháithreachais Sráid Holles le bogadh go campás Naomh Uinsinn, agus bhí go leor siar is aniar faoi chúrsaí údaráis agus bainistíochta le tamall anuas. Ach ar maidin fógraíodh go raibh na siúracha a choinnigh mná faoi ghlas agus a d'éascaigh díol is ceannach leanaí óga le gabháil i gceannas ar an ollospidéal nua. Rud a fhágann éadóchas orm.

Shuigh mé síos ag an tábla ar maidin agus d'ith mé babhla bracháin i gcuideachta m'iníne. Tá sí in aois breith leanaí agus cá bhfios ach go mbeidh seirbhísí sláinte céanna de dhíth uirthi sna blianta atá le theacht.
Agus thug mé comhairle di. Gan dul gar d'aon ospidéal nach dtacaíonn le mná mar dhaoine. Gan dul gar d'aon 'ospidéal' nach dtugann tús áite do mhná ina gcuid ráitis eiticí. Gan dul gar don ospidéal nua sin ná d'aon ospidéal eile a mheascann creideamh dé agus breith leanaí/cúram mháithreachais - agus a shíleann go dtiocfaidh maith as.

Comhrá trom thar an tábla bricfeasta. Bíonn amanna ann nuair a bhíonn eisimirce tarrantach...

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.