Thursday 6 April 2017

Oidhreacht náireach

ag barr Bhóthar San Shéamais - busanna tralaí 
Ní thagann an focal 'pribhléid' chun cinn liom mórán, ag trácht orm féin. Ag machnamh ar an bhearna pá inscne agus ar an chúig 'C' a choinníonn go leor ban siar ó chomhionannas ioncaim agus acmhainní, ní mhothaím go mbíonn pribhléid i gceist go minic. Ag éisteacht le polaiteoirí ó thuaidh in achrann lena chéile faoin teanga inar riar mé mo chuid páistí, ní mhothaím pribhléid bheith agam go minic.

Ach ag éisteacht agus ag léamh faoi na tithe - na príosúin -  inar tháinig leanaí ar an tsaol agus a fuair bás iontua díoladh amach astu le teaghlaigh uchtaithe, cinnte, tuigim an focal 'pribhléid'. Bhí mé ag cuartú íomha ar an ríomhaire agus tháinig mé ar an cheann thíos. Ní raibh gunnaí ag an daoine a chuir na cailíní óga isteach sna tithe seo ach bhí rud níos contúirtí arís - cód reiligiúnda agus údarás. Ní ábhar pléasctha a bhí siad ag cuartú ach rud ar bith a chuirfeadh isteach ar an chumhacht acu féin.


Aithním pribhléid mar tá a fhios agam an lá agus an mhí inar rugadh mé sa bhliain 1960. Tá a fhios agam an teach inar rugadh mé ar Bhóthar San Shéamais. Tá a fhios agam gur rugadh mé sa seomra leapa mór sa teach sin. Tá an teach ansin go fóill. Má shiúlaim thairis, tchífidh mé an fhuinneog sa seomra leapa céanna. Tchífidh mé na céimeanna ag tosach an tí ar shuigh mé orthu, i mo pháiste domh, ag amharc amach ar pháistí eile a bhí ag luascadh ar théad a bhí ceangailte ó bharr lampa sráide.
luascadh thart ar lampa sráide

Tá cuimhne agam go fóill ar na haltraí pobail ag teacht isteach agus ag cuidiú le mo mháthair nuair a rugadh an deirfiúr is óige domh, Bhí m'athair ag rith suas síos an staighre an lá sin agus níor thuig mé cén fuadar a bhí faoi. Pribhléid.

Tá mé ag cur go leor scéalta de chuid mo mhuintire isteach i ngearrscéalta le tamall anuas. Tuigim gur pribhléid í go bhfuil a fhios agam cé díobh mé, cad iad na contaethe as ar eascair mo mhuintir, agus na tíortha. Tuigim go bhfuil táin le 't' beag agam. Níl aon bhearna sa táin sin.
D'oibir me i siopa m'uncail. Dhíol sé armas - deimhniú ar shloinne agus ar féiniúlacht don té a raibh sé sin uathu
Sin pribhléid.

Náireach gur gá 'pribhléid' a thabhairt ar cheart daonna - fios bheith agat cé thú fein, ach pribhléid atá ann, ag mo ghlúnsa agus na glúnta roimhe sin. Ní hamhlaidh ag na máithreacha agus na leanaí lánfhásta ó na tithe 'maigdiléanacha' agus eile, ar ndóigh. Ní gá domhsa litreacha a scríobh, dlíodóir a fhostú, maslú a fháil ón stát trína neamhaird le fios a bheith agam cé mise.

Ní mór don stát an phribhléid seo a roinnt leis na máithreacha agus na leanaí (a mhaireann) a  bhfuil a leithéid d'eolas uathu. Beidh cuimhne ar an rialtas seo mar rialtas a bhuail bob ar ghrúpa i ndiaidh grúpa agus a choinnigh srian le cearta ar mhaithe le pingineacha beaga suaracha a shábháil. Sin an oidhreacht a bheas acu féin. Oidhreacht náireach.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.