Monday 15 May 2017

Crogaill, cúisíní agus gogamáin

Nach iomaí duine ag Dia, liosta a chuir Dennis King le chéile, a thagann isteach i mo cheann agus mé ag breathnú ar an phic thuas.
Tá na Gaeil iontach tugtha do bheith ag tabhairt breithiúnais ar a chéile, bíodh a mbéal, a srón nó gcuid éadaí ann, nó a nósmhaireachtaí pearsanta, nó a ngnoithe pearsanta féin.

Tá ceannaire an DUP i mbéal an phobail faoi láthair, ar ndóigh, as a bheith ag cur síos go pearsanta agus go mí-oiriúnach ar cheannaire Shinn Féin. Tamall i ndiaidh di bheith ag trácht ar chrogaill. Ní dóigh liom gur Gael í, dar liom thaobhódh sí le cultúr na bPlandálaithe. Bí ag caint ar fháinne fí ...

Ach ní chuige sin a chrom mé thar an mhéarchlár ar chor ar bith. Tá mé ag dul amach le cúisín a cheannach inniu. Tá Simon bocht Coveney #míchompórdach. Ceannóidh mé cúisín agus cuirfidh mé chuige é, ar chomhairle ó Emma Burns, lena mhíchompord a laghdú. Muna mbíonn sé ag lúbadh is ag casadh ag a dheasc mar a bheadh gogamán ann, ag cur a shrón isteach i ngnoithe pearsanta dhaoine eile agus ag tabhairt breithiúnais orthu.

Cúisin le haghaidh compord sa bhreis agat? Cuir chuig:

Simon Coveney
An Phríomhshráid
Carraig Uí Leighin
Co Chorcaigh
P43XY74


Agus cuir amach ar na meáin shóisialta é leis an chlib #uncomfortableaboutthe8th

No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.