Wednesday 26 July 2017

Tito agus Bled

An seomra staidéir

Is féidir siúl isteach anois chuig an teach samhraidh a bhíodh ag Tito agus ag a rialtas, teach a choinnigh siad d'aíonna idirnáisiúnta agus d'ócáidí móra le rá. Is óstán anois é darb ainm Vila Bled, agus fiú muna bhfuil tú ag stopadh ann níl aon bhac ort gabháil isteach le haghaidh cupán caife cibé ar bith. Thig leat bainis a bheith agat ann. Thig leat siúl thart ar na gáirdíní. Sin sóisialachas duit.

sa teaichín taobh leis an phríomhtheach - roimh bhainis
an teaichín i Vila Bled - caifé atá ann anois

D'fhás mé féin aníos leis an Iúgsláiv, stát a tháinig ar an tsaol i 1918 agus a mhair faoi chúpla ainm difriúil ó shin i léith. Ghabh Cumhachtaí na hAise seilbh orthu i 1941 ach níor éirigh leo fanacht i réim - throid muintir na hIúgsláive go fíochmhar ina n-éadan agus díbríodh iad faoi 1943. Tá a stair ar na ballaí i Vila Bled.

iarhalla poiblí i dTeach Titi (Vila Bled)
cathanna ón Dara Cogadh Domhanda
lucht na hIúgsláive ag streachailt in éadan an namhaid
An sóisialachas abú!

Faoi 1946, nuair a bhí críocha nua á socrú san Eoraip agus talamh á ghabháil agus á shealbhú ag cumhachtaí éagsúla an Dara Cogadh Domhanda, bhain an Iúgsláiv neamhspleáchas sóisialach amach - ní cumannach -  faoi Tito, fear a rialaigh an tír as sin go 1980.

Tá rian an tsóisialachais le feiceáil go fóill inniu, fiú má briseadh suas an Iúgsláiv mar stát idir 1990-1992. Bhí an scríbhneoir, Cvetka Bevc, ag gearáin ag pointe amháin gur mheas sí gur cheart Trieste a thabhairt ar ais don Slovéin inniu, go fóill. Beidh sí ag fanacht air, tá mé ag déanamh. Críocha gafa na hIodáile...

Rud suntasach domh fein ná go bhfuil stíl ar leith sna foirgnimh phoiblí ón ré sin atá leathbealaigh idir tathag na hailtireachta cumannaí agus fínealtacht na hailtireachta san Iodáil. Is breá liom é.

lampa ó ré atá caite
fiú na lampaí lasmuigh bhí siad deartha go cúramach

Agus ar ndóigh, ba mhaith liom mo bhuíochas arís a thabhairt don trí eagraíocht a thug maoiniú domh gabháil anonn agus an tír is an teanga a bhlaiseadh - Foras na Gaeilge, Ambasáid na hÉireann agus an Comhairle Ealaín.


No comments:

Post a Comment

Note: only a member of this blog may post a comment.